Eipeasóid 1
S1 E1 25m
Fiosróidh Manchán Magan ár gcaidreamh casta le portaigh na hÉireann sa tsraith seo. Tá Éire ar cheann de na tíortha is tábhachtaí ar domhan i dtaobh tailte portaigh. Is cuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht iad na portaigh; ach tá na gnáthóga bithéagsúla seo i mbaol. Tabharfaidh sé cuairt ar Bhord na Móna, atá ag dul in oiriúint do dhomhan atá ag athrú. Cá bhfágfaidh sé sin an gnáthdhuine a bhíonn ag baint móna? Labhróidh Manchán le lucht feachtasaíochta chun an cheist sin a fhiosrú. Tá siad cinnte nach dtiocfaidh ceantair thuaithe na tíre slán má fhágtar iad gan aon mhóin le baint.