An Gúna Bainise

SiamsaíochtOccasion/CelebrationFamilyNostalgia

Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúnaí bainise chun scéal na ngúnaí agus an ré inar chaith siad é a insint dúinn. Tá a scéal ar leith féin ag gach aon bhean, agus tugann na scéalta seo léargas dúinn ar na hathruithe atá tagtha ar shochaí na hÉireann le seachtó bliain'

Béarla G

An Gúna Bainise

Eipeasóid 6

S1 E6 24m

Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúna bainise agus inseoidh scéal a ngúna dúinn agus an ré inar chaith siad é. Tá a scéal féin ag gach aon bhean díobh, scéalta a thabharfaidh léargas dúinn ar na hathruithe atá tagtha ar an saol in Éirinn le seachtó bliain. Beidh scéal anocht againn a thosaigh sa Ghearmáin sna 80í agus scéal eile faoi gcinneadh a rinneadh sult a bhaint as an oíche agus an diabhal a bheith ag an ngúna bainise!

An Gúna Bainise

Eipeasóid 5

S1 E5 24m

Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúna bainise agus inseoidh scéal a ngúna dúinn agus an ré inar chaith siad é. Tá a scéal féin ag gach aon bhean díobh, scéalta a thabharfaidh léargas dúinn ar na hathruithe atá tagtha ar an saol in Éirinn le seachtó bliain. Rachaidh muid go Meiriceá agus ar ais le Bláthnaid agus Daire a cheannaigh gúna i siopa iomráiteach Kleinfeld i Nua-Eabhrac agus casfaidh muid le beirt as Béal Feirste a thabharfadh a dhóthain le déanamh do 007.

An Gúna Bainise

Eipeasóid 4

S1 E4 24m

Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúnaí bainise agus inseoidh siad scéal a ngúna dúinn agus an ré inar chaith siad é. Tá a scéal uathúil féin ag gach aon bhean, agus tabharfaidh na scéalta seo léargas dúinn ar na hathruithe atá tagtha ar shochaí na hÉireann le seachtó bliain. Déanfaidh na lánúineacha cur síos ar ócáid dhraíochtúil a chaith siad i gcuideachta a dteaghlaigh agus a ndlúthchairde. Cloisfimid faoi ghúna Bhrídín óna fear céile Aodán agus óna deirfiúr Bláthnaid a rinne di é in 1969. Inseoidh Eibhlís dúinn faoin ngúna a chaith sí an lá ar phós sí Oisín i nGuagán Barra.

An Gúna Bainise

Eipeasóid 3

S1 E3 23m

Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúnaí bainise agus inseoidh siad scéal a ngúna dúinn agus an ré inar chaith siad é. Tá a scéal uathúil féin ag gach aon bhean, agus tabharfaidh na scéalta seo léargas dúinn ar na hathruithe ar shochaí na hÉireann thar thréimhse seachtó bliain. Gheobhaidh muid blaiseadh ó na lánúineacha don ócáid draíochtúil a chaith siad i gcuideachta a dteaghlaigh agus a ndlúthchairde. Rachaidh muid siar go Conamara chuig Sarah Ghriallais, an t-amhránaí sean-nóis mór le rá. Go Corcaigh ansin agus scéal grá a tháinig le J1 agus a bhláthaigh thar thrí mhór-roinn.

An Gúna Bainise

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúnaí bainise agus inseoidh scéal a ngúna dúinn mar aon leis an ré inar chaith siad é. Tá a scéal féin ag gach aon bhean, agus tugann na scéalta seo léargas dúinn ar an athrú atá tagtha ar shochaí na hÉireann le seachtó bliain. Buailfidh muid le lánúin i gCluain Tarbh a bhfuil an greann lárnach ina saol agus bean a d'fhoghlaim Gaeilge ar mhaithe leis an ghrá i mBéal Feirste.

An Gúna Bainise

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Déanann brídeoga na tíre cur síos ar a ngúnaí bainise, an lá mór féin agus iadsan a bhí ann leo ar an lá draíochtúil. Phós Anne agus Eddie i nDún na nGall sna hochtóidí agus buaileann muid le beirt nuaphósta as Baile Átha Cliath go bhfeicfimid gúna a bheadh feiliúnach don chairpéad dearg.