Barragram

Siamsaíocht

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall na hÉireann! I gcomhluadar an chriú, bainfidh Barra triail as na himeachtaí is fearr i ngach uile cheantar agus beidh sé ar fad á thaifeadadh aige lena GoPro!

Béarla 18

Barragram

Eipeasóid 1

S1 E1 23m

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Chiarraí. I gcomhluadar an chriú bhríomhair, tabharfaidh Barra faoin bparafaoileoireacht, faoin bpotadóireacht agus faoi mharcaíocht ar chapall. Rachaidh sé ar Sea Safari sa Daingean sula gcuireann droch-aimsir isteach ar an turas. Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar an taobh eile den chontae dár ndóigh ag Aillte Chiarraí. Beidh Barra ina Willy Wonka in Skelligs Chocolates agus cuirfidh sé allas sa Skeillig Sauna ina dhiaidh. Tuigeann Barra anois cén fáth a dtugtar an Ríocht ar Chiarraí!

Barragram

Eipeasóid 2

S1 E2 23m

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Dhún na nGall. Tabharfaidh Barra faoin dreapadóireacht staca-farraige, faoi bhlaiseadh fuisce, faoi chadhcáil agus faoi sheoltóireacht! Tabharfaidh sé a aghaidh ar dtús ar Errigal View Pet Farm go bhfeicfidh sé alpaca atá lán le diabhlaíocht lena chara agus fear grinn, Hugh Carr. Rachaidh sé chuig seisiún ceoil i dTeach Hiúdaí Beag agus tabharfaidh sé faoi thuras cadhcála ar maidin timpeall ar oileán Uaigh. Feicfidh sé rónta agus deilfeanna ar an turas dochreidte seo. Mar a deir siad, "Mura bhfuil sé ar an ngram, níor tharla sé!"

Barragram

Eipeasóid 3

S1 E3 22m

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Chorcaí. Tabharfaidih Barra faoi bheathú síotaí, faoin ziplíníocht, faoin laser tag agus faoi rásaíocht cairtíní! Rachaidh Barra ar fud chathair Chorcaí agus tabharfaidh cuairt ar chloiginí an tSeandúin. Rachaidh sé ag rámhaíocht i naomhóg ar an Laoi in éineacht lena chara Seán. Beidh Barra ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an gcriú san Adventure Park at Kartworld. Féachfaidh sé le hiad a shárú ag laser tag, rásaíocht cairtíní agus boghdóireacht. Ach, mura bhfuil sé ar an ngram, ar tharla sé, fiú?

Barragram

Eipeasóid 4

S1 E4 23m

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall na Gaillimhe. Rachaidh Barra ag snorcláil, ag gaothshurfáil, ullmhóidh sé píotsa a dhéanamh agus cuirfidh sé an aimsir i láthair! Buaileann Barra lena chara Barry chun dul ag tumadóireacht de chlár tumtha Bhóthar na Trá. Rachaidh an bheirt ag rothaíocht ansin i lár na cathrach. Ní gnáthrothaíocht atá i gceist ach an oiread ach rothaíocht in éineacht le grúpa cairde. Buailfidh Barra le Máirtín Seoighe ar Inis Mór a thabharfaidh go dtí Poll na bPéist é. Rachaidh siad ag snorcláil ansin go bhfeicfidh siad rónta liatha ach, mura bhfuil sé ar an ngram, ar tharla sé, fiú?

Barragram

Eipeasóid 5

S1 E5 22m

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Bhéal Feirste. Beidh Barra ag rothaíocht ar uisce, ag caitheamh tua agus ag spéirthumadóireacht faoi dhíon! Tabharfaidh sé cuairt ar mhargaí cáiliúla chathair Bhéal Feirste déanfaidh sé turas i dtascaí dubh timpeall na cathrach le Cónall Ó Corra. Sa Titanic Quarter, tabharfaidh Barra faoi spéirthumadóireacht faoi dhíon agus beidh tae beag aige in Óstán an Titanic i mBéal Feirste, ach is cosúil nach bhfuil sé gléasta chun féasta! Ach, mura bhfuil sé ar an ngram, ar tharla sé, fiú?

Barragram

Eipeasóid 6

S1 E6 24m

Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Bhaile Átha Cliath. Tabharfaidh Barra faoi sheoltóireacht abhann, faoi sciáil agus faoi shurfáil eitleoige! Beidh deis ag Barra léargas nua a fháil ar a áit dúchais nuair a thabharfaidh sé cuairt ar Pháirc an Chrócaigh, agus ar Reilig Ghlas Naíon. Beidh greim le hithe aige lena chara, Ailbhe Ní Riain. Buailfidh sé le bean áitiúil, Isibéal, a thabharfaidh go dtí Cill Tiarnáin é le dul ag sciáil. Ullmhóidh Barra a dhinnéar féin tigh Leo Burdock's. Ach, mura bhfuil sé ar an ngram, ar tharla sé, fiú?