S1 E2 50m
Sraith cheoil nua ó Fhéile Ealaíne an Earagail i gCo. Dhún na nGall á cur i láthair ag Sibéal Ní Chasaide agus Cathal Ó Curráin. An tseachtain seo beidh an banna ceoil 'Ye Vagabonds' ar phríomhstáitse amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceannain lena n-album is déanaí. Casfaidh Sibéal agus Cathal leis na deirfiúracha Paula agus Melanie Houton a sheinneann an fheadóg mhór agus an fhidil in éineacht le Steve Cooney ar an ngiotár. Beidh John McCann agus Molly Walls ar an mbosca ceoil agus an fhidil ag seinm in éineacht le Jack Warnock ar an ngiotár. Agus is í Caitríona Ní Ghribín ceoltóir óg na seachtaine.
Béarla
15 Eanáir 2023