Eipeasóid 1
S1 E1 49m
Sraith cheoil nua ó Fhéile Ealaíne na hEaragaile i gCo. Dhún na nGall á cur i láthair ag Sibéal Ní Chasaide agus Cathal Ó Curráin. Ar chlár na seachtaine seo casfaidh Sibéal leis an gcumadóir agus ceoltóir Neil Martin agus Séamus Maguire i dTeach an Dúin i nDún Lúiche. Beidh Cathal Ó Curráin é féin i dTeach an Cheoil ar an bhFál Carrach ag casadh ceoil lena shean-mhúinteoir Manus Lunny ar an mbazouki. Agus i Leitir Ceanainn beidh an ceoltóir óg Lauren Ní Néill ar an gcláirseach. Ar phríomhstáitse amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceannain beidh an grúpa fidle 'Na Sí Fiddlers' le feiceáil.