S1 E3 47m
Sraith cheoil nua ó Fhéile Ealaíne na hEaragaile i gCo. Dhún na nGall á cur i láthair ag Sibéal Ní Chasaide agus Cathal Ó Curráin. An tseachtain seo beidh an banna ceoil 'Goitse' ar phríomhstáitse amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceannain. Casfaidh Sibéal agus Cathal leis an gcumadóir agus pianódóir Ryan Molloy chomh maith le Feargal Scahill ar an bhfidil. Beidh an t-amhránaí Danny Minnie linn ó Theach na nAmhrán ar an bhFál Carrach agus is í Sinéad McKenna ceoltóir óg na seachtaine.
Béarla
22 Eanáir 2023