Planda go Pláta

Siamsaíocht

Sraith ina n-ullmhóidh an chef Niall Ó Conchúir agus an cócaire Rebecca Uí Chonaola miasa plandabhunaithe de chuid an chef veigeáin Tony Keogh, le hábhar orgánach agus atá i séasúr.

Béarla G

Planda go Pláta

Eipeasóid 8

S1 E8 25m

Seo é séasúr na muisiriún. Rachaidh Rebecca go hUíbh Fhailí le dul ag baint muisiriúin fhiáine in éineacht le Wild Food Mary, bean a bhfuil an-eolas aici ar bhia fiáin na hÉireann. Tabharfaidh sí cuairt ansin ar Joe i nGarraí Inse. áit a bhfuil rogha iontach muisiriún le fáil idir shíotaicé, chóiréil agus bheacáin oisreach. Ullmhóidh Rebecca fricassee don fhómhar agus beidh Niall sa chistin chun pióga láimhe beacán oisreach a ullmhú le citseap biatais agus bacstaí bliosán gréine. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 7

S1 E7 25m

I lár tíre a bheimid an tseachtain seo ar fheirm Red Shed lasmuigh de Chúil an tSúdaire i gCo. Uíbh Fhailí. Beidh a chuid buataisí ar Niall agus é i dteannta na bhfeirmeoirí orgánacha Tracy agus Cormac. Réiteoidh sé friochtóg chairéid ar churaí cainneann le salsa cúcamair. Beidh Rebecca te teolaí sa chistin áit a róstfaidh sí scuais le cur chun boird le risotto eorna chomh maith le milseog bhlasta de compote úill, custard fanaile agus caramal almóinne. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 6

S1 E6 25m

Tá Rebecca ar ais i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo le cuairt a thabhairt ar fheirm álainn ceithre acra in Achadh Feá gar do stáisiún traenach Chluain Saileach in iarthar na cathrach. Ullmhóidh sí tósta Francach ar leith - gan ubh ar bith agus a mbeidh piobair ghlasa úra, bliosáin agus chermoula ar a bharr seachas comhábhar atá milis. Beidh Niall sa chistin chun tortilla de patatas plandabhunaithe a réiteach le hanlann romesco agus móilé deas te ar phoileanta cnó cócó agus líoma. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 5

S1 E5 25m

Ar fheirm McNally, nach bhfuil ach cúpla ciliméadar ó Bhaile Brigín, a bheidh muid an tseachtain seo. Réiteoidh Rebecca linguini agus caponata cúirséad agus ricotta plandabhunaithe. Beidh Niall sa stiúideo áit a n-ullmhóidh sé leagan véigeánach de mhias chlasaiceach de chuid na Tuirce chomh maith le panna cotta sútha talún atá an-oiriúnach don samhradh. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

In iarthar na tíre atáimid arís gar do Bhéal Átha na Sluaighe ar Fheirm Orgánach Phlásóg na bhFeá le Niall agus an feirmeoir orgánach Úna Ní Bhroin. Tá spionáiste agus biatas bán breá ag Úna a úsáideann Niall chun galette ruáin a dhéanamh le sicphiseánaigh, tahini, harissa agus rós le daba uachtair líomóide. Tá an cócaire baile Rebecca sa stiúideo ag baint an-úsáid as pak choi in anraith blasta le tófú, piseanna talún agus gach a dtéann leis. Ullmhaíonn sí quiche asparagais agus piseanna le cáis feta veigeánach agus almóinní. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 3

S1 E3 25m

Tá Rebecca gar go maith do bhaile i gConamara agus í i dteannta Aonghuis Uí Choistealbha sa nGarraí Glas. Baineann siad slám leitíse agus déanann Rebecca sailéad breá Caesar leis. Beidh Niall sa gcistin ag déanamh anraith rúbarb rósta le tzatziki agus seagal. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Tugann Niall a aghaidh ar fheirm Gharraí na hAbhann i gCill Chainnigh chun casadh leis an bhfeirmeoir orgánach Vincent Grace. Tá sé meirbh don am seo bliana agus is lá breá é chun na garraithe cáil agus brocailí a shiúl. Ullmhaíonn Niall mias tófú le brocailí péacánach agus piseanna talún. Tá Rebecca sa chistin ag ullmhú mias bhreá de chóilis agus bulgar chomh maith le hanlann sillí aibreoige agus mias pasta le cál úr. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV

Planda go Pláta

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Téann Chef Niall go Cill Mhantáin go moch maidin gheimhridh le casadh le Hilda Crampton ar a feirm orgánach i gCaisleán an Ridire. Tá go leor táirgí séasúracha iontacha aici. Roghnaíonn Niall cainneanna agus réitíonn sé pláta díobh i gceirtlis ar leaba lintilí - bia baile simplí don gheimhreadh dorcha agus fliuch. Tá Rebecca sa chistin chun teirín a ullmhú le cáis tófú baile. Déanann sí strúdal briosc as soiliriac mionstiallta agus anlann olóige shimplí. Oidis ar fáil: www.youtube.com/@TG4TV