An Cósta Thiar

Faisnéis

Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar chamchuairt ó Dhún na nGall ó dheas go Ciarraí muid agus gheobhaidh sí léargas ar an gcultúr, ar na dúshláin agus ar na tairbhí a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh.

Béarla G

Na Rosa

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. Fágfaidh Áine slán ag a grúpa snámha, Uisce Beatha, i nGaoth Dobhair agus tabharfaidh sí aghaidh ar na Rosa le foghlaim faoin tábhacht a bhí leis an bhfarraige go stairiúil. Rachaidh sí ag iascach chun an tsíor-streachailt a bhaineann leis an bhfarraige, idir saothrú agus caomhnú, a léiriú agus aimseoidh sí seoid, Oileán Uaighe, ar leac an dorais.

Árainn Mhór

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. I bhfiántas Árainn Mhór a bheidh Áine ar an gclár seo, áit a gcasfaidh sí le criú cróga an RNLI agus tugtar jab di ag rás pobail. Cloisfidh sí faoi thragóid Árainn Mhóir agus faoi chúrsaí imirce ó staraí áitiúil, casfar ar chlann í nach bhfuil i bhfad bogtha chun an oileáin agus an mbeidh aon mhaith le hÁine ag seoltóireacht?

Sliabh Liag

Eipeasóid 3

S1 E3 25m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. I ndeisceart Thír Chonaill a bheidh Áine an tseachtain seo áit a bhfaighidh sí radharc corraitheach ar an gcósta agus í ag dreapadh ar an Storall. Gheobhaidh sí tuilleadh eolais ar earnáil na hiascaireachta, ón iascaire beag go dtí na trálaeir mhóra sna Cealla Beaga chomh maith leis na bealaí a n-aimsíonn daoine agus ainmhithe fuinneamh agus suaimhneas ar an gcósta.

Acaill

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Is in Acaill a bheidh Áine an tseachtain seo, áit a rachaidh sí ag snámh le grúpa áitiúil. Foghlaimeoidh sí faoi mhuintir an oileáin atá ag saothrú ar an bhfarraige ó aimsir Ghráinne Mhaol agus mar atá siad ag saothrú uirthi i gcónaí le feirmeacha oisrí, safari farraige agus imeachtaí faoin aer.

Carna

Eipeasóid 5

S1 E5 25m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. Is i gCarna a bheidh Áine an tseachtain seo áit a bhfaighidh sí tuilleadh eolais ar thionscal an dobharshaothraithe ó bhitheolaithe mara na háite. Rachaidh sí ag seoltóireacht i húicéir den chéad uair, fiosróidh sí todhchaí an phobail cósta seo agus cuirfidh sí eolas ar an gcéad ghlúin eile de bhitheolaithe mara.

Cois Fharraige

Eipeasóid 6

S1 E6 25m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. Is i gCois Fharraige a bheidh Áine an tseachtain seo agus í ag baint fheamainne in éineacht le fear gnó áitiúil, aimseoidh sí fianaise eolaíochta go raibh cónaí sa gceantar seo leis na mílte bliain, tabharfaidh sí cuairt ar an gCladach, áit a rachaidh sí ag seoltóireacht i húicéar agus beidh sí ag cadhcáil le réalta Oilimpeach!

Inis Oírr

Eipeasóid 7

S1 E7 25m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. Is in Inis Oírr, an t-oileán is lú de thrí oileán Árann, a bheidh Áine an tseachtain seo áit a bhfeicfidh sí an t-athrú atá tagtha ar shaol mhuintir an oileáin le roinnt glúnta anuas, ó iascaireacht, feirmeoireacht, turasóireacht, spórt agus ealaín.

Bréanainn

Eipeasóid 8

S1 E8 24m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. An tseachtain seo, tosaíonn Áine ar thuras thart ar chósta Chorca Dhuibhne, ag iomramh le ceoltóir, le saor báid agus le seaimpíní na hÉireann fiú! Fiosraíonn sí an dúil atá ag mná Chorca Dhuibhne sa snámh agus téann sí ag sealgaireacht agus ag céaslóireacht le bean a bhfuil an fharraige san fhuil aici.