Ceol

Abair Amhrán

Abair Amhrán

Sraith a thugann léargas nua ar na hamhráin a d'fhoghlaim muid ar scoil. Inniu is iad na hamhráin atá i gceist ná 'Níl Sé 'na Lá', 'Mo Pháistín Fionn', 'Tá na Báid', 'Cúnnla' agus 'Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ'. I measc na n-amhránaithe a bheidh ar an gclár tá Kathy Jordan, Maighréad Ní Dhomhnaill, Brian Mullen, Áine Uí Cheallaigh agus Mairtín Tom Sheáinín.

Abair Amhrán

Abair Amhrán

Amhráin Éireannacha coitianta canta ar stíl cáirióice.

Abair Amhrán (Gearr)

Abair Amhrán (Gearr)

Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

Airneán Nollag na mBan

Airneán Nollag na mBan

Ceolchoirm mhór agus craic le Mná na hÉireann.

Amhráin is Ansa Liom

Amhráin is Ansa Liom

Sraith ina ndéanann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile. Á chur i láthair ag Antaine Ó Faracháin. I measc na n-aíonna beidh Sarah Ghriallais, Johnny Mháirtín Learaí agus Caitlín Ní Chualáin.

An Bothy Band

An Bothy Band

ANÚNA: A Whisper of Paradise

ANÚNA: A Whisper of Paradise

Rogha ceoil le téama an gheimhridh, cuid de na carúil Nollag is cáiliúla ar domhan san áireamh. Is in 2020 a rinneadh taifeadadh ar an gclár seo mar chuid de shraith ar líne a rinne an cór Voces8 as an mBreatain. Is é an cumadóir as Baile Átha Cliath Michael McGlynn a chóirigh an ceol agus is i Séipéal San Parthalán i nDroichead na Dothra a rinneadh taifeadadh ar an gclár.

Bagatelle - Ómós do Liam Reilly

Bagatelle - Ómós do Liam Reilly

Fadchlár faisnéise faoin mbanna rac-cheoil Éireannach Bagatelle. Clár é seo in ómós do phríomhamhránaí an bhanna, Liam Reilly a bheidh dhá bhliain básaithe in Eanáir 2023. Beidh na hamhráin is fearr aithne a bhí acu go léir ar an gclár seo agus iad á gcasadh ag ceoltóirí mór le rá. Casfaidh The High Kings Summer in Dublin agus casfaidh Tommy Fleming Boston Rose. Clár álainn ceoil é seo d'amhráin mhóra Bagatelle leis an mbanna féin agus beidh neart aíonna ar an gclár freisin, Ryan Mc Mullen ina measc a chasfaidh The Streets of New York.

Banríona an Bhosca

Banríona an Bhosca

Ócáid thábhachtach gach bliain anois do lucht an cheoil thraidisiúnta in Éirinn is ea Féile na Sionna, féile de cheol traidisiúnta na hEorpa, a bhíonn ar siúl in Ionad Ceol Cruinne na hÉireann in Ollscoil Luimnigh. Beidh ceol anocht againn ó bhoscadóirí mná - Sharon Shannon, Karen Tweed agus Maria Kalaniemi ón bhFionlainn ina measc. Is í an boscadóir Mary Staunton a chuirfidh an clár seo i láthair.

Beart Bunting

Beart Bunting

Déanfaidh seisear de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn comhair le Banna Práis an tSratha Báin le cuid de bhailiúchán Edward Bunting nach bhfuil aird na ndaoine air a mheas agus a sheinm - lámhscríbhinn de cheol míleata, ar nós máirseálacha reisiminte, cúlaithe agus mearchéimeanna, a bailíodh taobh leis na foinn agus na tiúineanna traidisiúnta Éireannacha - a léiríonn cúrsaí polaitíochta mar a bhí in Éirinn i ndiaidh éirí amach 1798.

Beir Mo Dhúthracht

Beir Mo Dhúthracht

Buaileann Pádraig Ó Sé le hamhránaithe as Corca Dhuibhne Tigh an tSaorsaigh i mBaile an Fheirtéaraigh chun amhráin a chasadh agus scéalta a roinnt faoin dream a chuaigh rompu. Beidh Ciara de Mórdha, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Noelie Ó Maoileoin, Sláine Ní Chathalláin, Eibhlín Ní Cheárna agus Mossie Ó Scanláin ag gabháil fhoinn agus tabharfar amhránaithe mór le rá ar nós Seán de hÓra, Tomás Ó Mainín agus Tom Mhaurice Ó Súileabháin chun cuimhne freisin.

Beo ón Electric Picnic 2025

Beo ón Electric Picnic 2025

Craoladh speisialta ón gCollchoill agus ón bPuball Gaeilge ag Electric Picnic, beidh Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin, IMLÉ, John Spillane, Eve Belle, Clada, Amano, Caolan Ryan, Dysania agus neart eile ag ceol ar an gclár. Beidh agallaimh le cuid na ceoltóirí is fearr ag féile na bliana seo le feiceáil freisin. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc and John Sharpson.

Beo ón Electric Picnic 2025: Buaicphointí

Beo ón Electric Picnic 2025: Buaicphointí

Buaichphointí ó Electric Picnic 2025. Beidh ceol ón Hazelwood Stage ó leithéidí IMLÉ, agallamh le Kneecap agus ceol ón Gladstone Band le feiceáil ar an gclár.

Beo ón Electric Picnic 2026

Beo ón Electric Picnic 2026

Tá TG4 ag Electric Picnic 2026! Beidh ceol beo chomh maith le hagallaimh le cuid de na ceoltóirí atá ag seinm ag an bhféile ar an gclár. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson ó stáitse na Collchoille.

Beo ón Olympia

Beo ón Olympia

Clár é seo a rinneadh i 2008 mar chuid d'Fhéile Ceoil Bharra an Teampaill le ceiliúradh a dhéanamh ar dheich mbliana Ghradam Ceoil TG4. Á chur i láthair ag an amhránaí ar an sean-nós Róisín Elsafty.

Billie Eilish: Live at the O2

Billie Eilish: Live at the O2

Rinneadh taifeadadh beo ar cheolchoirm Billie Eilish san O2 i Londain mí Eanáir 2023. Is é seo an leagan fada den scannán sin agus beidh lucht féachana faoi dhraíocht ag an gceol agus ag an méid a bhí le feiceáil ag an gceolchoirm. Rinneadh taifeadadh ar an gceolchoirm iomlán faoi stiúir Sam Wrench. Feictear Billie Eilish ag casadh 27 amhrán agus iad siúd a bhí i láthair ag baint sult as an gceol. Ainmníodh an scannán seo do Ghradam Grammy.

Blas Bluegrass

Blas Bluegrass

Sraith ceoil nua ina dtugtar léargas ar sheancheol tíre Mheiriceá agus ceol bluegrass in Éirinn. Is ag Féile Ceol Tíre agus Bluegrass Chathair na Mart is mó a rinneadh taifeadadh ar an tsraith á chur i láthair ag an gceoltóir Enda Scahill.

Bláth na hÓige Ar Stáitse in Lorient

Bláth na hÓige Ar Stáitse in Lorient

Tugadh cuireadh do Bhláth na hÓige casadh ag Féile Idircheilteach Lorient i Lúnasa 2025. Is í seo an fhéile Cheilteach is mó ar domhan agus bíonn suas le milliún duine i láthair gach bliain. Feicfear Bláth na hÓige ag casadh ag a gcéad fhéile idirnáisiúnta sa gclár seo. Beidh Megan Nic Ruairí, Máire Ní Churraoin, Caoimhe Ní Fhlatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Piaras Ó Lorcáin, Cathal Ó Curráin, Colm Mac an Iomaire agus Síle Denvir le feiceáil ar an gclár.

Brendan Gleeson's Farewell to Hughes'

Brendan Gleeson's Farewell to Hughes'

Bhíodh amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí ag tarraingt ar teach tábhairne Hughes' i mBaile Átha Cliath feadh 35 bliain ach nuair a fuair an t-úinéir bás in 2021 dúnadh an teach tábhairne simplí seo. Cuireann Brendan Gleeson amhránaithe, damhsóirí agus lucht an cheoil faoi agallamh sa gclár seo chun léargas a fháil ar shaol an cheoil tigh Hughes'. Déantar cur síos ar an tionchar a d'imir Hughes' ar shaol Brendan Gleeson agus ar shaol an cheoil thraidisiúnta i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann.

Buille

Buille

Tabharfar léargas sa tsraith nua cheoil seo ar chuid de na ceoltóirí comhaimseartha is cumasaí agus is éagsúla in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Capercaillie @ Celtic Connections 2022

Capercaillie @ Celtic Connections 2022

Ceolchoirm le Capercaillie á cur i láthair ag Dónal O'Connor. Meascán de cheol na hAlban agus den cheol clasaiceach a bheidh sa chlár seo. I gCeoláras Glasgow Royal a taifeadadh an cheolchoirm i Meitheamh 2022 mar chuid de 'Celtic Collections'. Tá an banna mór le rá seo fós ag cur leis an stór ceoil atá acu le comhpháirtithe nua agus an uair seo is í Ceolfhoireann Shiansach BBC na hAlban a bheidh ina dteannta. Rinneadh cóiriú ceolfhoirne nua ar cheol Capercaillie agus is é Greg Lawson, stiúrthóir cáiliúil ceolfhoirne, agus Donald Shaw, duine de bhunaitheoirí an bhanna, a chuir an scór le chéile.

Cara sa Cheol

Cara sa Cheol

Sraith faisnéise spreagúil is ea Cara sa Cheol ina mbeidh ceoltóirí Gaeilge agus ceoltóirí ó phobail éagsúla na hÉireann ag obair le chéile. Beidh na ceoltóirí ag roinnt scéalta agus traidisiúin chun píosaí nua ceoil a chumadh. Meascfar ceol traidisiúnta, rapcheol, anamcheol, agus ceol as gach cearn den domhan chun léargas a fháil ar chúrsaí féiniúlachta agus muintearas.

Cartlann Christy Moore

Cartlann Christy Moore

Labhraíonn an t-amhránaí mór le rá Christy Moore le Liam O'Connor atá ina stiúrthóir ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann chun súil siar a chaitheamh ar a shaothair ceoil. Bronnann Moore a chartlann pearsanta féin ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus tugtar léargas ar chruthaíocht agus coinsias sóisialta Moore trína lámhscríbhinní, taifeadtaí, litreacha, seitliostaí agus liricí nár chonacthas riamh cheana. Beidh cuid de mhórcheoltóirí na hÉireann ar an gclár freisin chun oidhreacht cheoil Christy Moore a cheiliúradh.

Ceiliúradh Ceolmhar ar Ashling Murphy

Ceiliúradh Ceolmhar ar Ashling Murphy

Ceiliúradh Ceolmhar ar Ashling Murphy

Ceiliúradh na Féile Pádraig 2022

Ceiliúradh na Féile Pádraig 2022

Déanann muid ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig le ceol ó Chlann Mhic Ruairí, Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin, Clare Sands, Cathal McConnell, Brian Kennedy, Teaghlach Keane agus neart eile. Á chur i láthair ag John Toal agus Caoimhe Ní Chathail.

Celtic Connections 2022

Celtic Connections 2022

Sraith cheoil nua a taifeadadh le linn Celtic Connections i nGlaschú. Cuirfidh an ceoltóir agus craoltóir Dónal O'Connor fáilte roimh cheoltóirí éagsúla chun seiteanna eisiacha a chasadh agus téann sé i mbun comhrá leo. Ar chuid de na buaicphointí ceoil a bheidh le feiceáil sa gceithre chlár beidh Breanndán Ó Beaglaoich agus Tim Edey chomh maith le Norman Blake, James Grant, agus Monica Queen. Beidh ceol nua le cloisteáil ó Brian Finnegan, The Alt, The Ciaran Ryan Band, The Breath, Lena Jonsson Trio, The Henry Girls, Calum Stewart Quartet agus ón gcumadóir amhrán Jarrod Dickenson.

Ceol Cois Locha

Ceol Cois Locha

Sraith ceoil ina mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe den scoth ag seinm in Ionad Cois Locha i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ceol Cois Locha - Rogha

Ceol Cois Locha - Rogha

Scoth an cheoil ó Ionad Cois Locha i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ceol na gCoillte

Ceol na gCoillte

Déantar mionscagadh ar chuid de stair choiteann na hÉireann agus Cheanada sa gclár faisnéise seo, á chur i láthair ag an amhránaí agus giotáraí as Éirinn, Dáithí Sproule. Caitear súil ar shaol na n-imirceach as Éireann a thóg an bád bán go Ceanada sna 1800idí agus mar a chur siad leis an gcultúr thall lena gcuid ceoil agus amhráin. Beidh ceoltóirí agus amhránaithe ar nós Maighréad agus Triona Ní Dhomhnail, Niall Hanna, Yves Lambert, Sophie Lavoie, agus Fiachra O'Regan le cloisteáil ar an gclár.

Ceol ón Chlann

Ceol ón Chlann

Sraith ina dtugtar chun cuimhne teaghlaigh aitheanta ceoil a bhfuil a rian fágtha go domhain acu ar oidhreacht cheoil na tíre seo (agus na Breataine freisin).

Ceol ón Earagail

Ceol ón Earagail

Sraith cheoil á cur i láthair ag Sibéal Ní Chasaide agus ag Cathal Ó Curráin ó Fhéile Ealaíon na hEaragaile i gCo. Dhún na nGall. Casfaidh Cathal agus Sibéal le scoth na gceoltóirí agus amhránaithe as Tír Chonaill agus níos faide ó bhaile.

Ceol ón gCré

Ceol ón gCré

Sraith ceoil thraidisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar na nósanna agus na traidisiúin a fhaightear faoin tuath in Éirinn. Beidh an t-amhránaí Nell Ní Chróinín ag caitheamh súil ar chúrsaí ceoil agus cultúir faoin tuath in Éirinn in 2024.

Ceol Tíre

Ceol Tíre

Is in Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn a taifeadadh an tsraith seo de Cheol Tíre.

Ceol Tíre Ó Inis Rogha agus Togha

Ceol Tíre Ó Inis Rogha agus Togha

Togha agus rogha ón tsraith Ceol Tíre ó Inis. Beidh Isla Grant, Hugo Duncan, Mark Robert agus Robert Mizell ar an gclár. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Ceolaireacht

Ceolaireacht

Rachaidh Doireann Ní Ghlacáin ag cuardach croí an cheoil i gceantair nach bhfuil chomh haitheanta sin i dtaobh an cheoil thraidisiúnta - Dún Dealgan, iarthar Luimnigh, tuaisceart an Chláir, agus a ceantar dúchais féin, tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Ceolchoirm an Oireachtais 2021

Ceolchoirm an Oireachtais 2021

Seó spleodrach chroíúil le fíorscoth an Oireachtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill & Joe Ó Dónaill. Amhráin, ceol, scéalta, steipeanna, lúibíní & agallaimh bheirte úrnua! Coinnigh súil amach do chairde buana agus do na réaltaí óga. Seoid na bliana ón Oireachtas!

Comhluadar Ceoil

Comhluadar Ceoil

Sraith cheoil ina mbuailfidh Dáithí Ó Sé le cuid de bhannaí agus teaghlaigh ceolmhara na tíre. Beidh comhrá agus ceol den chéad scoth ar an tsraith seo.

Costa Del Ceol Tíre

Costa Del Ceol Tíre

Clár nua ón Costa del Sol ina bhfeicfear cuid den scléip ó chamchuairt cheol tíre Paul Claffey in Cadiz. Feicfear níos mó 600 damhsóir as Éirinn ag jeighbheáil agus ag válsáil sa ngrian ar feadh na seachtaine agus iad ag éisteacht le leithéidi Michael English, Mike Denver, Brendan Shine, Effie Neill, John McNicholl agus neart eile.

Cuas in Lorient

Cuas in Lorient

Is ceathrar as Corca Dhuibhne atá sa mbanna ceoil Cuas, tháinig siad le chéile in 2024 chun albam a thaifeadadh. Is iad Niamh Varian Barry, Méabh Ní Bheaglaoich, Nicole Ní Dhubhshláine agus Kyle Macaulay atá sa mbanna agus tá an-tóir orthu in Éirinn agus thar lear. Feicfear ar stáitse ag an bhFéile IdirCheilteach i Lorient na Briotáine mí Lúnasa 2025 iad sa gclár seo.

Cúltír

Cúltír

Déanann an tsraith Cúltír ceiliúradh ar an gcultúr éagsúil atá le fáil i gcontaetha na tíre. Bailíonn an t-amhránaí mór le rá Pauline Scanlon agus an fidléir Aoife Ní Bhriain plúr na gceoltóirí agus na hamhránaithe as contae amháin le chéile d'oíche ceoil os comhair mhuintir na háite.

Cumasc: Seisiúin sa Black Gate

Cumasc: Seisiúin sa Black Gate

CUMASC: Seisiúin sa Black Gate - sraith cheoil ina ndéantar cumasc idir píosaí scannánaíochta áille, míreanna faisnéise agus agallaimh bhreathnaitheacha agus phearsanta. Le linn 12 clár, tiocfaidh meascán de cheoltóirí atá ag teacht chun cinn agus ceoltóirí aitheanta - as Éirinn agus idirnáisiúnta araon - le chéile chun comóradh a dhéanamh ar chomhshaothar agus ar chruthaitheacht. Cumas ceoil thar na bearta. Gutha éagsúla, idir shean agus óg. Ócáidí ina gcothaítear naisc mhisniúla agus fíornaisc. Beidh siad ar fad sa tsraith CUMASC agus brí agus gliondar gan choinne le brath orthu. Déanfar traidisiúin agus samhlaíocht a chumasc gan stró, cumasc a mbeidh taispeántais cheoil agus ceol nua fíorálainn mar thoradh air, a fhágfaidh faoi dhraíocht thú.

Curfá

Curfá

Sraith úrnua shiamsaíochta ina mbeifear sa tóir ar an gcór is fearr in Éirinn. Beidh scoth na gcór ó fud fad na hÉireann ar stáitse ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár moltóirí agus an duais mhór a thabhairt leo.

Dennis Cahill - Litir ó do chara

Dennis Cahill - Litir ó do chara

Clár faisnéise pearsanta faoi mháistir an ghiotáir as Chicago, Dennis Cahill. Déanfar trácht ar a chuid oibre le Martin Hayes, agus ar an ról a bhí aige leis an sárghrúpa ceoil The Gloaming. Déanfaidh a bhean chéile agus a chairde ceoil cur síos ar an bhfear dheisbhéalach a raibh sár-thuiscint aige ar an gceol agus ar an stíl tionlacain iomlán nua a thug sé chun cinn sa cheol thraidisiúnta. Cloisfear scéalta agus ceol in ómós dó, ó dhaoine a bhí mór leis agus a raibh tionchar mór aige orthu ina measc Mary Joyce, Martin Hayes, Iarla Ó Lionáird, Liz Carroll, Caoimhín Ó Raghallaigh agus John Doyle.

Fánaíocht

Fánaíocht

Scannán ina ndéantar ceiliúradh agus grinnscrúdú ar cheol agus ar an traidisiún béil is ea 'Fánaíocht'. Buailfidh an láithreoir Ray Cuddihy le hamhránaithe agus le ceoltóirí éagsúla. Beidh míreanna sa scannán de cheolchoirmeacha agus d'agallaimh le ceoltóirí a roinnfidh a gcuid tuairimí pearsanta. I measc na rannpháirtithe beidh Colm Mac Con Iomaire, Sarathy Korwar as an India, Jessie Lloyd, staraí áitiúil agus amhránaí bundúchasach as an Astráil chomh maith le neart eile.

Féile Ealaíne na hEaragaile

Féile Ealaíne na hEaragaile

Sraith cheoil nua ó Fhéile Ealaíne na hEaragaile i gCo. Dhún na nGall á cur i láthair ag Sibéal Ní Chasaide agus Cathal Ó Curráin.

Féile na mBan - Brigid Beo

Féile na mBan - Brigid Beo

Agus radharc draíochtúil Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar chúlra, déanann Féile na mBan 2026 - Brigid Beo ceiliúradh ar phobal, ar ealaín agus ar ghuth na mban. Tugann an clár ómós d'oidhreacht agus do spiorad Bhríde, ag tabhairt ceoltóirí, scoláirí, cruthaitheoirí agus cleachtóirí cultúrtha le Chéile. Beidh an lucht féachana gafa in eispéaras an deireadh seachtaine: meascán den cheol beo - i dteannta ghnéithe na bhféilte ina gcuirtear béim ar cheardlanna cruthaitheacha, ceardaíocht, cultúr, scéalaíocht agus tábhacht cheangal na mban. Is ceiliúradh cumhachtach é ar spiorad Bhríde in Éirinn.

Féilte Ceol Tíre

Féilte Ceol Tíre

Beidh lá mór spóirt agus spraoi ag an bhféile ceoil tíre i bPáirc Peile an Bhaile Mhóir, áit a mbeidh maithe agus mórúaisle an cheoil tíre ar stáitse.

Fleadh 2020

Fleadh 2020

Cé nach féidir le Fleadh na bliana seo tarlú ar an ngnáthbhealach ar an drochuair, tá TG4 ag ceiliúradh Fleadh 2020 i rith na seachtaine le ceithre chlár lán de shiamsaíocht mhealltach. Á chur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin agus Dáithí Ó Sé.

Fleadh 2022

Fleadh 2022

Tá láithreoirí TG4 tagtha go dtí an Muileann gCearr d'Fhleadh Cheoil na hÉireann 2022 atá ar ais ar an teilifís den chéad uair ó 2019. Idir ceoltóirí cáiliúla agus curaidh uile-Éireann nua feicfear trí oíche lán le siamsaíocht beo ón áit ar cuireadh tús leis an bhFleadh in 1951.

Fleadh 2023

Fleadh 2023

Fleadh 2023 Comórtais Bheo

Fleadh 2023 - Na Bannaí Céilí

Fleadh 2023 - Na Bannaí Céilí

Is é Comórtas Sinsear na mBannaí Céilí buaicphointe Fhleadh Cheoil na hÉireann. Cuireann an comórtas clabhsúr ar sheachtain mhór ceolchoirmeacha agus comórtas. Seo chugaibh clár uair an chloig de bhuaicphointí an chomórtais. Beidh ceol againn ó na bannaí uilig - bannaí céilí as Éirinn, as Albain agus as an Astráil. Beidh muid i dteannta na mbannaí agus iad ag ullmhú don chomórtas, roinnt acu atá páirteach i bhFleadh Cheoil na hÉireann le fada. Díreofar go háirithe ar bhuaiteoirí an chomórtais - Piper's Cross Céilí Band - a thug Craobh na hÉireann go Maigh Eo den chéad uair. A chur i láthair ag Fiona Ní Fhlaithearta, seo clár a shásóidh gach duine a bhfuil suim acu sa gceol traidisiúnta.

Fleadh Cheoil 2025 - Na Bannaí Céilí

Fleadh Cheoil 2025 - Na Bannaí Céilí

Buaicphointí agus ceol ón 12 banna céilí a ghlac páirt i gComórtas Sinsir na mBannaí Céilí ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025. Á chur i láthair ag Freda Hatton.

Fleadh Folk

Fleadh Folk

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar bun i mBéal Feirste den chéad uair in 2026. Déanfar tobar an cheoil i gCúige Uladh a cheiliúradh ar an gclár seo agus feicfear ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann, ceoltóirí Ultaise agus ceoltóirí nua-aimseartha ag seinm le chéile. Déanfar ceol Uladh a cheiliúradh le druma Lann Bheag agus an bodhrán, le poirt ar an bhfidil agus ar na píoba, le hamhráin agus le damhsa traidisiúnta an chúige.

Fleadh TV

Fleadh TV

Fleadh TV, sraith ceoil agus siamsaíochta a léireoidh an ceol traidisiúnta agus an ceol tíre is fearr ó Fhleadh Cheoil na bliana seo in Inis. I measc na gceoltóirí ar chlár na hoíche anocht beidh Clannadh, Sharon Shannon, John Carty Festival Band, Skippers Alley agus Fusion Fighters.

Fleadh24

Fleadh24

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais! Is i Loch Garman a bheidh an fhéile ollmhór i mbliana agus beidh neart ceoil, amhráin agus damhsa le fáil ann ar feadh ocht lá. Beidh sráideanna an bhaile dubh le ceoltóirí, lucht an cheoil agus iad siúd a bheidh san iomaíocht ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Rachaidh na láithreoirí Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill ar fud na tíre ag caitheamh súil ar bhabhtaí ceannais na gcúigí i mBéal na mBuillí, i gCill Mhantáin, i nDurlas Éile agus sa Droim Mór chun aithne a chur ar na ceoltóirí óga atá ag teacht chun cinn.

Fleadh24 - Na Bannaí Céilí

Fleadh24 - Na Bannaí Céilí

Súil siar ar Chomórtas Sinsear na mBannaí Céilí, buaicphointe Fhleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman, le hagallaimh agus míreanna cúl stáitse san áireamh.

Fleadh25

Fleadh25

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais! Is i Loch Garman a bheidh an Fhleadh i mbliana agus beidh neart ceoil, amhráin agus damhsa ar fáil ar shráideanna an bhaile ar feadh ocht lá. Beidh Doireann Ní Ghlacáin agus Cathal Ó Curráin ag tabhairt aghaidh ar bhabhtaí ceannais na gcúigí i mBéal Átha na Sluaighe, Droichead Átha, Cathair Chorcaí agus An Pointe sa gclár seo chun na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsoirí is fearr sa tír a fheiceáil.

Fleadh26

Fleadh26

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais! Beidh an fhéile i mBéal Feirste den chéad uair riamh agus beidh sráideanna na cathrach dubh le lucht an cheoil agus leo siúd atá ag glacadh páirt i bhFleadh Cheoil na hÉireann 2026. Téann Doireann Ní Ghlacáin agus Cathal Ó Curráin ar thuras fud fad na tíre chuig babhtaí ceannais na gcúigí i bPortlaoise, Lios Mór, Maothail agus an Pointe chun labhairt leis na ceoltóirí is fearr atá ag teacht chun cinn in Éirinn.

Flosc

Flosc

Sraith cheoil á cur i láthair ag Cormac de Barra atá bunaithe ar ghlúin óg ceoltóirí traidisiúnta agus ar an gcultúr sóisialta atá i ndiaidh forbairt in éineacht leo. Beidh dhá bhuíon ceoil faoi chaibidil gach seachtain agus beidh ceol beo ann a ndearnadh taifeadadh air ag 'Seisiúin ón Mhonarcha' i ndugaí Shligigh.

Geantraí

Geantraí

Sraith úrnua den chlár is binne agus is simplí dá bhfuil ann – seisiún bríomhar ceoil ó fhód an dúchais agus as tithe tábhairne a bhfuil cáil an cheoil orthu, á chur i láthair ag ceoltóir aitheanta áitiúil. Tá gean agus meas ar an tsraith seo ag na ceoltóirí féin agus leanfar leis an nósmhaireacht chéanna sa séasúr nua.

Geantraí - The Chieftains

Geantraí - The Chieftains

Is as teach tábhairne Matt Molloy i gCathair na Mart a craoladh an clár speisialta seo, a taifeadadh in 2011, chun ceiliúradh a dhéanamh ar na Chieftains a bhí ar an bhfód le 50 bliain ag an am. Bhí aíonna speisialta chomh maith lena gcairde ina dteannta. Á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird. (Bhásaigh Seán Keane agus Paddy Moloney le déanaí. Go ndéana Dia trócaire orthu.)

Geantraí na Nollag

Geantraí na Nollag

Na ceoltóirí mór le rá, Ciarán Ó Gealbháin agus Pauline Scanlon, a chuirfidh an clár seo Geantraí na Nollag i láthair. In Campbell's Tavern in Áth Cinn, croílár an cheoil i nGaillimh, a scannánaíodh an clár seo. I measc na ndaoine a bheidh ar an gclár beidh The Whileaways, Frankie Gavin, North Cregg agus ceoltóirí mór le rá eile a bhfuil clú agus cáil orthu go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, chomh maith le ceoltóirí áitiúla. Is bronntanas Nollag ann féin an clár seo do lucht leanta an cheoil thraidisiúnta mar gurb é seo an chéad clár de shraith nua a bheidh le craoladh in Earrach 2023.

Geantraí na Nollag 1998

Geantraí na Nollag 1998

Scoth an cheoil traidisiúnta á chur i láthair ag Breanndán Ó Beaglaoich. Beidh Frankie Gavin, Carl Hession, Sharon Shannon, Alec Finn, Mary Shannon, Beginish, Áine Uí Cheallaigh, Paddy Glackin, Michéal Ó Domhnaill, Michael Cooney , Michael Cooney agus neart eile ar an gclár.

Geantraí na Nollag 2002

Geantraí na Nollag 2002

Scoth an cheoil ón Punchbowl i mBaile Átha Cliath i measc na gceoltóirí ar an gclár beidh Mary Black, Four Men and a Dog, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Lúnasa agus neart eile. Á chur i láthair ag Breanndán Ó Beaglaoich.

Geantraí na Nollag 2005

Geantraí na Nollag 2005

Is i dteach tábhairne Cruises in Inis a rinneadh taifeadadh ar an gclár speisialta seo de Gheantraí. Á chur i láthair ag Mairéad Ní Mhaonaigh.

Geantraí na Nollag 2010

Geantraí na Nollag 2010

Deis eile Geantraí na Nollag 2010 as teach tábhairne Campbell’s in Áth Cinn, Co. na Gaillimhe a fheiceáil. Á chur i láthair ag Muireann Nic Amhlaoibh. Beidh Altan agus De Danann ag ceol i dteannta Alec Finn agus Johnny ‘Ringo’ McDonagh chomh maith leis an mbanna T with the Maggies, is iad sin Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan.

Geantraí na Nollag 2012

Geantraí na Nollag 2012

Clár speisialta uair an chloig as an Abbey Tavern i mBinn Éadair a rinne ceiliúradh ar The Dubliners a bhí 50 bliain ar an bhfód in 2012 chomh maith le hómós a léiriú do Barney McKenna a bhásaigh an bhliain sin freisin. I láthair bhí Imelda May agus Karan Casey i measc go leor eile. Á chur i láthair ag an gceoltóir/amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh.

Geantraí na Nollag 2013

Geantraí na Nollag 2013

Cuirfidh an t-amhránaí John Spillane Geantraí na Nollag i láthair as Caisleán Chionn Eitigh i gCo. Uíbh Fhailí. Beidh The High Kings, At First Light, The Kinsella Family chomh maith leis na ceoltóirí Máirtín O’Connor, Zoe Conway, Donal Lunny, Tara Breen, Lydia Warnock, buaiteoir Chorn Uí Riada, Máire Ní Chéilleachair agus an damhsóir ar an sean-nós Proinsias Ó hIarnáin ar fad páirteach sa gclár.

Glór Tíre

Glór Tíre

Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo.

Glór Tíre - Rogha & Togha

Glór Tíre - Rogha & Togha

Scoth an cheoil ón 3ú sraith de Ghlór Tíre. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe.

Glór Tíre - Súil Siar

Glór Tíre - Súil Siar

Scoth an cheoil tíre uaidh uachtar na gceoltóirí aitheanta ón sraitheanna do Ghlór Tíre. Cloisfidh muid uaidh laochra an cheoil : Patrick Feeney; Robert Mizzell; Jimmy Buckley; Mike Denver; Louise Morrissey agus Johnny Brady.

Glór Tíre - Togha & Rogha

Glór Tíre - Togha & Rogha

Scoth an cheoil tíre uaidh uachtar na gceoltóirí aitheanta ó sraith 17 do Ghlór Tíre. Cloisfidh muid uaidh laochra an cheoil : The Sheerin Family, Cliona Hagan, Michael English, Mike Denver, Louise Morrissey & Robert Mizzell.

Glór Tíre 2022

Glór Tíre 2022

Taispeántas den scoth ó réaltaí an cheoil tíre a bhí le feiceáil ar Ghlór Tíre 2022, Johnny Brady, Ciarán Rosney, Oliva Douglas & Mike Denver. Beidh bailiúchán amhráin le cloisteáil ar an gclár.

Gradam Ceoil 10 mBliana ag Ceoil - Patrick Street Beo

Gradam Ceoil 10 mBliana ag Ceoil - Patrick Street Beo

Seo é an chéad chlár de thrí chlár a dhéanann ceiliúradh ar 10 mbliana de Gradam Ceoil TG4. Beidh an clár seo ag teacht ó Ionad Cois Locha mar chuid d' Fhéile an Earagail. Á chur i láthair ag Muireann Nic Amhlaoibh.

Gradam Ceoil TG4

Gradam Ceoil TG4

Deis eile Gradam Ceoil TG4 2018 a craoladh beo as Halla an Waterfront i mBéal Feirste i mí Feabhra a fheiceáil. Ócáid í seo a dtagann plúr na gceoltóirí traidisiúnta ó gach cearn den domhan le chéile don cheiliúradh. Ina measc i mbliana bhí Frankie Gavin agus De Danann, Pádraigín Ní Uallacháin agus The Voice Squad agus The Friel Sisters. Á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain.

Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25

Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25

Déanfar ceiliúradh ar na ceangail chultúrtha atá idir Éire agus an tSeapáin sa gceolchoirm seo. Beidh buaiteoirí Gradaim Ceoil TG4 2025 chomh maith le damhsóirí agus ceoltóirí tradisiúnta ón tSeapáin ar stáitse le chéile. Seinnfidh Siobhán Peoples, Matt Cranitch, Cathy Jordan, Colm Broderick, Johnny Óg Connolly, Flook agus Kozo Toyota píosa nuachumtha chun ómós a thabhairt don scríbhneoir Patrick Lafcadio Hearn. Beidh amhránaíocht as Okinawa, drumadóireacht Taiko agus damhsa Bon Odori fite fuaite le ceol traidisiúnta na hÉireann. Á chur i láthair ag Áine Hensey.

Gradam Ceoil TG4 2026

Gradam Ceoil TG4 2026

Craolfar Gradam Ceoil TG4 beo ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach, áit a dtabharfar ómós do cheoltóirí móra na tíre.

Joe Burke - Ceiliúradh

Joe Burke - Ceiliúradh

Oíche speisialta cheiliúrtha le clann agus cairde Joe Burke, duine de fhathaigh an bhosca ceoil a bhásaigh le déanaí. Déanaimid ceiliúradh ar fhear a d'ardaigh croíthe lena ghreann agus lena scéalta agus a chuaigh i bhfeidhm ar ghlúnta de cheoltóirí ar fud na cruinne. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Ann Conroy Burke, Mary Conroy, Frankie Gavin, Brian McGrath, Eileen O'Brien, Máire Ní Chathasaigh, Liz & Yvonne Keane, Jackie Daly, Dermot Byrne, Máire Ní Chathasaigh agus Conchubhar Ó Luasa.

John Lennon - Imagine

John Lennon - Imagine

Píosaí scannánaíochta ar leith de John Lennon agus Yoko Ono a tógadh i Sasana, na Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin don albam "Imagine". Is i Meitheamh agus Iúil na bliana 1971 a rinneadh taifeadadh orthu, dhá mhí sular fhág siad Sasana den uair deireanach i mí Mheán Fómhair 1971 chun cur fúthu in Nua-Eabhrac.

Junior Eurovision 2022

Junior Eurovision 2022

Táthar sa tóir ar amhrán na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Tabharfar deis do mhuintir na hÉireann iomaitheoir óg a roghnú i mbliana den chéad uair RIAMH. Beidh scoth na n-amhránaithe óga ar fud na hÉireann, idir 9 agus 14 bliain d'aois, ag glacadh páirt sa chomórtas. San Airméin a bheidh comórtas na bliana seo. Beidh láithreoir nua, Darragh Ó Caoimh, ar stáitse i dteannta Louise Cantillon a chuideoidh leis na moltóirí Niamh Ní Chróinín agus Chris Greene iomaitheoirí an bhabhta ceannais a roghnú. Beidh aoi-mholtóir éagsúil in éineacht leo gach seachtain.

Junior Eurovision 2023

Junior Eurovision 2023

Táthar sa tóir ar amhránaí na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2023! Cé a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann? Á chur i láthair ag Louise Cantillon agus Darragh Ó Caoimh.

Junior Eurovision 2024

Junior Eurovision 2024

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Rachaidh Louise Cantillon sa tóir ar amhránaithe óga idir 10-14 chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas. Roghnóidh na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Tadhg Griffin, Niamh Kavanagh, Brooke Scullion agus Linda Martin deichniúr chun dul san iomaíocht ach ní bheidh fágtha ar deireadh ach amhránaí amháin chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision Song Contest.

Junior Eurovision 2025

Junior Eurovision 2025

Tá an Junior Eurovision ar ais. Tá amhránaithe óga na tíre ag glacadh páirt sa Junior Eurovision anois le deich mbliana! Rachfar sa tóir ar iarrthóirí as chuile chearn den tír chun stéibh a chasadh do na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr agus Tadhg Griffin.

Junior Eurovision 2026

Junior Eurovision 2026

Tá JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar ais! Tá Louise Cantillon sa tóir ar réaltaí óga ar fud na tíre. As na céadta iarratas, cé hiad an deichniúr a gheobhaidh áit sa stiúideo agus deis dul ar aghaidh i dtreo Junior Eurovision 2026?

Junior Eurovision: An 10ú Réalt

Junior Eurovision: An 10ú Réalt

Tá an Junior Eurovision ar ais. Tá amhránaithe óga na tíre ag glacadh páirt sa Junior Eurovision anois le deich mbliana! Rachfar sa tóir ar iarrthóirí as chuile chearn den tír chun stéibh a chasadh do na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr agus Tadhg Griffin.

Kneecap ag an Electric Picnic

Kneecap ag an Electric Picnic

Buaicphointí cheolchoirm Kneecap ar an bpríomhstáitse ag Electric Picnic 2025. Féach orthu ag casadh a n-amhrán nua Sayōnara chomh maith le H.O.O.D agus THE RECAP. Agallamh eisiach le Móglaí Bap agus DJ Próvaí cúlstáitse chomh maith. (Tá corr dhroch fhocal sa chlár seo.)

Macallaí Dhomhnach na Fola

Macallaí Dhomhnach na Fola

Tá imeachtaí ar siúl i gcathair Dhoire i mbliana in ómós don cheithre fhear déag a bhí ar mhórshiúl ar son na gcearta sibhialta nuair a mharaigh Arm na Breataine iad. Sa gclár seo, taispeánfar pobal Dhoire agus iad ag cuimhneamh ar a muintir a maraíodh. Tabharfaidh siad chun cuimhne iad le ceol, amhráin agus ealaín. Beidh agallaimh thochtmhara againn freisin le daoine a chonaic uafás an lae sin lena súile féin chomh maith le ceol agus amhráin ó cheoltóirí mór le rá ar nós Damien Dempsey, Reevah, Barry Kerr agus Pauline Scanlon.

Music Network ar an mBóthar

Music Network ar an mBóthar

Ceiliúradh ar na buaiteoirí is deireanaí de Ghradam Ceoil TG4 á chur i láthair ag Music Network. Beidh Derek Hickey (Ceoltóir na Bliana Gradam Ceoil TG4 2024), Na Kane Sisters (Grúpa na Bliana Gradam Ceoil TG4 2024) agus Macdara Ó Faoláin (Ceoltóir Óg na Bliana Gradam Ceoil TG4 2024) ar stáitse do cheolchoirm speisialta sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí.

Nashville, seo muid ag teacht!

Nashville, seo muid ag teacht!

Bí i dteannta trí ghlúin de mhuintir Uí Channain, amhránaithe clúiteacha as Dún na nGall, atá ar thuras go Nashville. Is deis iontach an fhéile Country Music Association, CMA Fest, do Diane, John & Kelly réaltaí amhail Dolly Parton a fheiceáil chomh maith le ceoltóirí atá ag teacht chun cinn cosúil le Shaboozey. Ag labhairt dóibh le Steve Earle, Tim O'Brien, John Mock, Maura O'Connell, Blanco Brown, Allie Colleen, Tayler Holder, Kelsey Hart & go leor eile is ríléir cén fáth a dtugtar Music City ar Nashville. Seo clár faisnéise nár cheart do dhuine ar bith ar spéis leo ceol tíre a chailleadh!

Nollaig Cois Coiribe

Nollaig Cois Coiribe

Tiocfaidh ceoltóirí agus ionstraimithe le chéile chun ceol speisialta na Nollag a cheiliúradh ar chósta an iarthair in Ardeaglais stairiúil na Gaillimhe. Beidh Claddagh Choral, Galway City Chamber Choir agus a gcairde i mbun ceolchoirm shéasúrach lán le hiomainn thraidisiúnta, amhráin na linne seo agus cúpla iontas ceoil. Le linn Covid a bunaíodh an cór seo agus is é seo a chéad cheolchoirm phoiblí. Beidh ceoltóirí as gach cúlra agus atá lonnaithe i nGaillimh páirteach sa chór seo atá faoi stiúir Stephen Carroll.

Ó Dhubh go Dubh

Ó Dhubh go Dubh

Thaifeadta anuraidh ag an gcéad Féile Night and Day i dTeach Chluain Mhailis, tá seiteanna ó stáitse na Banríona Medb, agallaimh chúl stáitse le healaíontóirí agus craic agus dath na féile nua le blaiseadh sa tsraith.

Ómós

Ómós

Clár speisialta in ómós don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun a bhreithlá a cheiliúradh agus na ceithre scór bainte amach aige. Beidh filí, amhránaithe, ceoltóirí, scríbhneoirí, smaointeoirí agus damhsóirí ó ar fud an hÉireann i measc na n-aíonna. Déanfar an tUachtarán, a fhealsúnacht agus a smaointeoireacht pholaitiúil a chomóradh trí ardán a thabhairt do roinnt d'aos dána na hÉireann, daoine atá ríthábhachtach dár leis féin. I measc na n-aíonna beidh Van Morrisson, Iarla Ó Lionáird, Tolü Makay, Rita Ann Higgins, Steve Cooney, Mary Robinson, Máirtín O'Connor, Gearóid Ó Tuathaigh, agus neart eile.

Opry an Iúir

Opry an Iúir

Séasúr nua eile de cheann de na sraitheanna ceoil is mó a thuilleann lucht féachana do TG4 - sraith coirmeacha ceoil a taifeadadh i sean-Halla an Bhaile san Iúr.

Opry le Daniel ar Thuras

Opry le Daniel ar Thuras

Sraith úrnua, lán le móramhráin an cheoil tíre, á cur i láthair le Rí an Cheoil Tíre, Daniel O'Donnell!

Opry le Daniel i gConnacht

Opry le Daniel i gConnacht

As an TF Royal i gCaisleán an Bharraigh a chraolfar an tsraith seo Opry le Daniel i gConnacht. Craolfar 8 chlár bhríomhara spleodracha ceoil agus amhrán agus beidh Mary Coughlan, Brian Kennedy, Mick Flavin, Sandy Kelly, Tommy Fleming agus Sean Keane i measc a chuid aíonna. Craolfar clár speisialta freisin in ómós do Philomena Begley atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an mbóthar i mbliana.

Opry le Daniel i gConnachta

Opry le Daniel i gConnachta

As an TF Royal i gCaisleán an Bharraigh a chraolfar an tsraith seo Opry le Daniel i gConnacht. Craolfar 8 chlár bhríomhara spleodracha ceoil agus amhrán agus beidh Mary Coughlan, Brian Kennedy, Mick Flavin, Sandy Kelly, Tommy Fleming agus Sean Keane i measc a chuid aíonna. Craolfar clár speisialta freisin in ómós do Philomena Begley atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an mbóthar i mbliana.

Peadar Ó Riada - Ónár gCroí

Peadar Ó Riada - Ónár gCroí

Ceolchoirm Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne le Peadar Ó Riada, i measc na n-aíonna beidh Seán Ó Sé agus Cór Chúil Aodha.

Percy French: Siúlach Scéalach

Percy French: Siúlach Scéalach

Cé gur mhó aithne a bhí ar Percy French mar gheall ar na hamhráin ghrinn a scríobh sé, ba shiamsóir mór le rá, údar cumasach, file, seinnteoir bainseó agus péintéir tírdhreacha den scoth a bhí ann freisin a thaistil an domhain. Fear géimiúil agus barrúil ab ea é ar thaitin gnáthrudaí an tsaoil leis. Oirfide a bhí ann agus bhí a shaol lán le ceol. Scríobh sé go leor amhrán ina measc You Right There, Michael, Phil the Fluter, Come Back Paddy Reilly agus Gort na Móna. Bítear ag casadh amhráin Percy French go fóill ar fud na tíre seo i gciorcail amhrán agus i bpobail áitiúla.

Port

Port

Tá Port ar ais don dara tsraith. Sraith ceoil é seo a fhiosraíonn ceol na hÉireann agus ceol na hAlban.

Queen: A Night at the Odeon

Queen: A Night at the Odeon

Is sa mbliain 1975 a bhain Queen clú agus cáil amach ar fud an domhain. Bhí an-tóir ar an gcamchuairt a rinne siad mórthimpeall na Ríochta Aontaithe an bhliain sin agus chuir siad clabhsúr leis an gcamchuairt le ceolchoirm den scoth san Hammersmith Odeon, Oíche Nollag 1975. Chraol an BBC an ceolchoirm beo ar an teilifís agus ar an raidió. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 40 bliain de Bohemian Rhapsody rinneadh athchóiriú agus athmheascadh ar an gceolchoirm. Tá ceann de na ceolchoirmeacha is suntasaí a chur Queen ar bun le feiceáil sa gclár seo.