S1 E7 49m
I gclár deireanach na sraithe is iad na deirfiúracha ceolmhara, na Henry Girls a bheidh ar stáitse Amharclann an Ghrianáin. I dTeach an Dúin casfaidh Cathal Ó Curráin leis na deartháireacha Cathal agus Stephen Hayden as Tír Eoghain agus leis an amhránaí agus giotáraí Seamie O'Dowd. Casfaidh an t-amhránaí aitheanta as Ráth Chairn Sibéal Ní Chasaide, a bhfuil cáil uirthi as a leagan de 'Mise Éire' a chanadh sa cheiliúradh 'Centenary', in éineacht lena hathair, an veidhleadóir Ódhrán Ó Casaide agus an giotáraí jazz Mike Nielsen. Is é Oisín Duffy an ceoltóir óg a bheidh againn.
Béarla
26 Feabhra 2023