Fáisnéis

100 Bliain de Thithíocht - Géarchéim Gan Deireadh

100 Bliain de Thithíocht - Géarchéim Gan Deireadh

Bhí géarchéim tithíochta riamh in Éirinn, agus níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh deireadh léi go luath. B'éigean do gach rialtas agus do gach glúin dul i ngleic leis an dúshlán céanna. Tabharfar léargas ar an streachailt seo ó bhunú an stáit go dtí an riocht ina bhfuilimid anois. Ó árasáin shuaracha sna 30idí go bloic arda sna 60idí. Ón mbungaló go dtí aimsir an tíogair. Fiosrófar na smaointe a raibh an rath orthu agus na smaointe arbh teip iomlán a bhí iontu. Míneofar an t-údar a bhfuilimid sa chás seo anois agus mar is féidir linn é a chur ceart.

1916 Seachtar Dearmadta

1916 Seachtar Dearmadta

Breathnaíonn an sraith seo ar shaoil an seachtar fear eile a cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann mar thoradh ae Éirí Amach na Cásca 1916. Tá dearmad déanta ag muintir na hÉireann ar na fir seo, is leis an stair anois iad.

Aerfort Dhún na nGall

Aerfort Dhún na nGall

Léargas ar an méid a bhíonn ar bun in Aerfort Dhún na nGall ó lá go lá, aerfort a vótáladh ar an stráice tuirlingthe is áille ar domhan, á insint ag na paisinéirí agus ag an bhfoireann atá freagrach as an tseirbhís ríthábhachtach seo a choinneáil ag imeacht.

Ag Lorg Hy-Brasil

Ag Lorg Hy-Brasil

Is é iontráil na hÉireann ag Bienniale Ailtireachta na Veinéise a spreag an clár faisnéise Ag Lorg Hy-Brasil agus beidh an dream a chruthaigh an taispeántas ag tabhairt léargas ar a gcuid oibre. Bhí Inis Meáin ag gcroílár an taispeántais agus feicfear mar a mhúnlaigh tírdhreach an oileáin chomh maith leis an ábhar atá le fáil ann cúrsaí ailtireachta ar an oileán sceirdiúil seo. Dírítear ar ghnéithe agus scéalta Inis Meáin trí íomhánna agus fuaim chun léargas a thabhairt ar an aonarachas a bhaineann le saol ar oileán.

Ag Taisteal Siar

Ag Taisteal Siar

Tá ról lárnach ag ceol an Lucht Siúil in oidhreacht cheoil na hÉireann óna 1960idí. Tugtar léargas ar an tionchar ollmhór, a dhéantar dearmad air go minic, a bhí ag leithéidí Pecker Dunne, Maggie Barry agus Johnny Doran ar cheol na tíre sa gclár seo. Beidh agallaimh agus amhráin ó Kathleen Keenan, Sarah Dunne, Sharyn Ward, Niamh Dunne agus Steo Wall ar an gclár chomh maith le filíocht ó pheann Martin Warde.

Ag Triall ar an Tobar

Ag Triall ar an Tobar

Sa tsraith nua seo rachaidh Manchán Magan fud fad na tíre ag tumadh sa mhiotas, sa bhéaloideas agus sna scéalta daonna a bhaineann le suíomhanna uathúla ár dtoibreacha beannaithe.

Ag Triall ar Chill na Martra

Ag Triall ar Chill na Martra

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de na hócáidí is tábhachtaí do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht peile. Thosaigh an comórtas in 1969 agus tugann foirne as na ceantair Ghaeltachta ar fad aghaidh ar a chéile ar an bpáirc peile. Is i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí a bhí an comórtas i mbliana le linn an deireadh seachtaine saoire bainc i mí an Mheithimh. Feicfear lucht eagraithe, imreoirí, bainisteoirí agus lucht leanta sa gclár faisnéise seo agus iad ag baint sásamh as Comórtas Peile na Gaeltachta 2024.

Aillte

Aillte

Tugtar spléachadh ar an ngeolaíocht, miotaseolaíocht, fiadhúlra agus scéalta a bhaineann le haillte Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus an Chláir sa tsraith seo.

Ainmhí 999

Ainmhí 999

Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tagann an SPCA i gcabhair ar na mílte ainmhithe gach bliain. Caithfear súil ar obair na carthanachta le hainmhithe fud fad na hAlban a chosaint agus ainmhithe eile a thabhairt slán ó spídiúlacht a fhaigheann siad.

Aisling Trí Néallaibh - Doireann Ní Ghríofa

Aisling Trí Néallaibh - Doireann Ní Ghríofa

(2022 Scannán Beathaisnéise) Is í Ciara Nic Chormaic a stiúir an scannán seo. Bhain an file agus scríbhneoir aistí Doireann Ní Ghríofa cáil idirnáisiúnta amach in 2020 nuair a d'fhoilsigh sí an t-úrscéal A Ghost in the Throat. Feicfear mar a chuireann Ní Ghríofa peann le pár sa scannán seo agus tugtar léargas ar an áit a thugann inspioráid di, a háit dúchais i gCo. an Chláir.

Amharc Aneas

Amharc Aneas

Caithfear súil ar eachtraí mar a tharla siad i dTuaisceart Éireann agus tabharfar léargas ar an saol mar a bhí roimh na trioblóidí agus ar an gcaidreamh a bhí idir an Tuaisceart agus an Deisceart. I 1959, sheol Gael Linn nuachtscannán seachtainiúil Gaeilge. Roimh RTÉ, ba é Amharc Éireann an t-aon fhoinse nuachta a bhí ann. Craoladh an nuachtscannán i bpictiúrlanna ar fud na poblachta ar feadh cúig bliana agus thugadh tuairisc ar gach gné de shaol an Tuaiscirt agus an Deiscirt. Ach níor craoladh riamh iad sa Tuaisceart.

Amhráin do mo Mháthair

Amhráin do mo Mháthair

Feicfear an t-amhránaí Pauline Scanlon ag tabhairt léargas dlúth ar shaol a máthar sa gclár seo agus í ag féachaint ar na hamhráin thraidisiúnta atá aici ar a halbam mór le rá.

An Balla

An Balla

Sraith den chéad scoth ina bhfiosróidh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí agus teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain. Teorainneacha iad a mhúnlaigh stair na gceantar ina bhfuil siad, ballaí a bhfuil scéalta dóchais agus athmhuintearais ag baint leo, fiú in am na hanacra.

An Bealach Ó Dheas

An Bealach Ó Dheas

Sraith siúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Leanfaidh sé siúlóid Glover, an tslí cháiliúil sléibhe idir an Mhucais agus an Earagal i gContae Dhún na nGall. As sin tabharfaidh sé aghaidh ar Ghleann Cholm Cille.

An Buachaill Gealgháireach

An Buachaill Gealgháireach

An scéal nár insíodh faoin amhrán The Laughing Boy a scríobh Brendan Behan i gcuimhne ar Michael Collins. Aistríodh an t-amhrán go Gréigis, To Yelasto Paidi, agus bhí sé ina rosc ag an eite chlé sa nGréig ag deireadh na seascaidí. Téann an file Theo Dorgan ar aistear agus nochtann sé fírinne an scéil taobh thiar den amhrán. Scéal a nascann pianta fuilteacha tragóideacha fáis na hÉireann agus na Gréige le chéile. Ach tá na scéalta seo ceangailte dá chéile ag rud éigin níos doimhne agus tarchéimnithí ná sin - cumhacht na n-amhrán.

An Cliath Oilimpeach

An Cliath Oilimpeach

Rinneadh taifeadadh ar an gclár faisnéise seo thar cúpla bliain agus an lúthchleasaí Diarmuid Clancy ag traenáil chun áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo 2020. Feictear Diarmuid agus é ag iarraidh a bheith ag traenáil, ag freastal ar an gcoláiste agus cinntí deacra le déanamh aige i lár phaindéim dhomhanda. Tá Derval O'Rourke agus Paul Byrne le feiceáil sa gclár ina léirítear an cosán atá rite ag neart lúthchleasaithe de chuid na hÉireann - An Cliath Oilimpeach.

An Cósta Thiar

An Cósta Thiar

Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar chamchuairt ó Dhún na nGall ó dheas go Ciarraí muid agus gheobhaidh sí léargas ar an gcultúr, ar na dúshláin agus ar na tairbhí a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh.

An Cuan

An Cuan

Léargas ar bhliain a caitheadh i gceann de na héiceachórais is aitheanta agus is uathúla in Éirinn - Cuan Bhaile Átha Cliath. Tá beagnach 1.5 milliún duine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, agus cé go bhfuil ceann de na calafoirt is gnóthaí san Eoraip le cósta Chuan Bhaile Átha Cliath, is Bithsféar ainmnithe ag UNESCO é chomh maith. Lán le beatha, idir fhiadhúlra agus dhaoine, is iomaí dúshlán atá os comhair an chuain, dúshláin nádúrtha agus dúshláin atá cruthaithe ag an duine féin - an éireoidh leis an dá shaol maireachtáil taobh le chéile.

An Diabhal Inti

An Diabhal Inti

Is i gcomhthéacs ghéarleanúintí móra na hEorpa, a mhair dhá chéad bliain agus a cuireadh ar bun trasna an Atlantaigh i Meiriceá chomh maith, a suitear an tsraith sé chlár seo.

An Fód Deireanach

An Fód Deireanach

Fiosróidh láithreoir na sraithe, Manchán Magan, ár gcaidreamh casta le portaigh na hÉireann sa tsraith seo. Tabharfar an lucht féachana ar thuras eolasach agus siamsúil ar thaisce rúnda thaobh tíre na hÉireann, na portaigh, turas a rachaidh i bhfeidhm go mór ar an tsúil.

An Spás Eadrainn-The Space Between

An Spás Eadrainn-The Space Between

Clár ina dtugtar léargas ar an bpróiseas ealaíne a tharlaíonn idir beirt ealaíontóirí agus iad i mbun a gceird i dteannta a chéile. Beidh an bhean déanta hataí Margret O' Connor i mbun ceannbhearta a dhéanamh fad a bhíonn sí ag éisteacht le Gráinne McCormick ag baint ceoil as na babhlaí machnaimh Tibéadach. Beidh an péintéir Myra O' Reilly i mbun a cuid oibre féin agus Mick Flannery ag seinm an phianó. Damhsaíonn Ronan Mc Loughlin lena Poi agus Lisa Hannigan ag gabháil fhoinn. Spreagfaidh ceol an phíobaire Tara Howley an péintéir Cyril O'Flaherty chun saothar nua a chruthú.

An Tailliúr Gorm

An Tailliúr Gorm

Clár faoi Inis Bigil agus faoi stair speisialta féin an oileáin. Gan ach triúr is fiche fanta ar an oileán, tá uair na cinniúna buailte le muintir an oileáin. Déanfaidh Paddy Henry, iar-mháistir scoile agus duine de na daoine is sine ar an oileán, aithris ar scéal an fhile Pádraig Ó Daibheád nó an Táilliúir Gorm a bhí ar dhuine den chéad dream a chuaigh chun cónaithe ann. Nochfaidh sé stair agus oidhreacht shuntasach an oileáin seo trí cheol agus filíocht. Is é Inis Bigil an t-aon oileán Protastúnach in Éirinn agus is Gaeilge a labhraítear air.

Aonaracht

Aonaracht

Tá an cláirseoir agus an cumadóir ceannródaíoch, Úna Monaghan, ag tabhairt faoi cheann de na tograí is uaillmhianaí agus is dúshlánaí dá saoil agus tabharfar léargas ar a cuid oibre sa gclár seo. Feicfear duine de shárcheoltóirí na hÉireann ag cur a halbaim nua i dtoll a chéile agus í ag ceol le leithéidí Paddy Glackin, Pauline Scanlon agus Tiarnán Ó Duinnchinn.

Ar Iarraidh

Ar Iarraidh

Is sraith faisnéise nua é Ar Iarraidh le Midas Productions do TG4 ina n-insítear scéalta faoi dhaoine atá ar iarraidh trí shúile a muintire agus a gcairde.

Ar Iarraidh Kingsley Porter

Ar Iarraidh Kingsley Porter

Sa mbliain 1933 chuaigh an tOllamh as Harvard Arthur Kingsley Porter ar iarraidh tar éis dó an oíche a chaitheamh ar Inis Bó Finne i nGaeltacht Dhún na nGall. Chuaigh sé amach ag siúl agus ní chonacthas ó shin é. Níor aimsíodh a chorp riamh. Céard a tharla don mhilliúnaí as Meiriceá? Ar thit sé d'aillte an oileáin? Ar chuir sé lámh ina bhás féin? Nó ar éalaigh sé chun saol nua a bheith aige, mar a cheapann muintir na háite? Fiosraíonn Kevin Magee an scéal sa gclár seo agus féachann sé tuilleadh eolais a fháil a d'fhéadfadh léargas a thabhairt faoin méid a tharla 90 bliain ó shin.

Ar Lorg na Fírinne

Ar Lorg na Fírinne

Tá nach mór 25 bliain caite ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach má tá féin tá rian fágtha ag na Trioblóidí ar mhuintir an Tuaiscirt. Is le faisnéis, frithfhaisnéis agus le harm de ghníomhairí rúnda, a raibh cead acu marú a dhéanamh nó a éascú, a thug rialtas na Breataine aghaidh ar fhoréigean na bparaimíleatach. D'fhág an cur chuige sin drochbhail ar go leor daoine arb éigean dóibh déileáil le dúnmharú foréigneach duine muinteartha leo ar dtús agus le rúndacht státurraithe ansin. Tá na cúiseanna a maraíodh na daoine sin fós faoi bhrat rúndachta an stáit.

Ár mBealaí Ceilteacha

Ár mBealaí Ceilteacha

Téann Ryland Teifi agus a iníonacha Lowri agus Cifa ar thuras trí sé chontae in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Tá dáimh ag an teaghlach seo leis an dá thír agus feicfear mar a éiríonn leo ar an mBealach Ceilteach seo.

Ar Son na Cúise

Ar Son na Cúise

Tugann dlúthchairde Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais faoi chamchuairt shiamsúil agus iad sa tóir ar chomhluadar, greann agus craic. Feicfear an spórt a bhíonn ag Joe agus Ray le chéile fad a bhíonn siad ag iarraidh blaiseadh de ghreann na Gaeltachta a fháil.

Athbheatha: Colm Cille Ildánach

Athbheatha: Colm Cille Ildánach

Mar chuid de chomóradh ar bhreithlá Cholmcille, 1500 bliain ó shin, tá seacht saothar coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann le cabhair ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Orthu siúd tá saothar ealaíne físiúla, saothar ceoil agus saothair litríochta. Féachann "Ag Ceiliúradh Colmcille" ar na h-ealaíontóirí a chum agus a dhear na píosaí seo agus labhróidh siad faoin méid a spreag iad agus iad i mbun an obair chruthaitheach. Ar na healaíontóirí, ceoltóirí agus scríbhneoirí tá; Timothy O Neill, Róisín de Buitléar, Biddy Jenkinson, Sandy Nic Dhòmhnaill Jones, Simon Ó Faoláin, Proinsias Mac a' Bhaird, Zoe Conway, Julie Fowlis, Éamonn Doorley & John McIntyre.

Bádóirí - Na Jimmy's

Bádóirí - Na Jimmy's

Tá seanmhianach na mbádóirí i gclann Johnny Jimmy Pheaitín, agus briseann an dúchas sin trí na deartháireacha Pádraig, Jimmy agus Seáinín a choinníonn an húicéara An Mhaighdean Mhara faoi lán seoil. Cé go bhfuil an chuid is mó de shéasúr na bliana seo caite ag an Mhaighdean Mhara ar ancaire tá na deartháireacha coinnithe ag imeacht sa gcladach agus iad ag cur barr slachta uirthi. Tabharfar léargas freisin ar na báid atá idir lámha ag daoine muinteartha leo.

Bailte

Bailte

Sraith nua ocht gclár de Bailte ina dtabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar bhailte fearainn ar fud na hÉireann chun an ceangal atá ag daoine leis an áit as a dtagann siad a fhiosrú. Fiosróidh sí an tírdhreach a mhúnlaíonn iad, an cultúr as ar fáisceadh iad agus na slite beatha a chothaíonn iad. I measc na mbailte a dtabharfaidh sí cuairt orthu sa tsraith nua seo beidh An Bun Beag i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, An Gleann in Uíbh Ráthach, i ndeisceart Chiarraí agus cuirfear tús leis an tsraith ar an mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne i gCo. Chiarraí.

Báisteach

Báisteach

Fiosraíonn Seán Mac an tSíthigh cuid den mhistéir a bhaineann leis an mbáisteach agus an tionchar atá aici ar phobail na cruinne. B'fhéidir nach gcuirtear an oiread sin suime sa mbáisteach in Éirinn, ach is iomaí pobal ar fud an domhain atá ag brath uirthi.

Beidh Aonach Amárach

Beidh Aonach Amárach

Tá 'Beidh Aonach Amárach' ar ais don dara sraith. Spraoi agus spórt, díospóireacht agus comhluadar - sin mar a bhíonn ag Taispeántais Feirme na tíre. Tabharfar léargas ar roinnt den 140 taispeántas feirme a bhíonn ar siúl ar fud na tíre gach bliain. Caitheann na mílte míonna ag fáil faoi réir do na comórtais agus téann ó cheann ceann na tíre chucu. Tabharfar léargas ar na daoine a bhíonn á n-eagrú agus a bhíonn ag moltóireacht ag na comórtais. I measc na dtaispeántas sa dara sraith beidh Seó Talmhaíochta Chluain Maine i gCo Dhún na nGall agus Aonach an Phoic i gCill Orglan, Co Chiarraí.

Beo Faoin bhFód

Beo Faoin bhFód

In 1968, cuireadh Mick Meaney i gcónra adhmaid sé troithe faoin bhfód i Londain ach bhí sé fós beo. Is ag iarraidh curiarracht dhomhanda a bhaint amach a bhí sé. Is in California sna 1920idí a chuirtear tús leis an scéal seo agus críochnaíonn sé le bean rialta ón Ísiltír curtha i bpáirc aonaigh i Skegness. Is iníon le Mick a insíonn a scéal aisteach sa gclár seo.

Bíbeanna

Bíbeanna

Tabharfaidh na Bibeanna léargas ar a gcaidreamh leis an eaglais agus ar a gcaidreamh pearsanta le Dia.

Bláth na hAoise

Bláth na hAoise

Taispeánfar sa chlár seo a taifeadadh in Ionad Cúraim Lae na nDéise i nDún Garbhán nach dtagann deireadh le spleodar an tsaoil agus duine ag dul in aois. Faoi choimirce Margaret Coffey bíonn daoine níos sine an cheantair ar a gcompord san ionad seo a bhuaigh an Gradam 'Pride of Place' in 2019. Cuirtear seirbhís 'béilí ar rothaí' ar fáil ann, chomh maith le clubanna sóisialta, ranganna soghluaiseachta agus turais agus cruinnithe míosúla le haghaidh eachtraí speisialta. Tabharfar léargas croíúil ar shaol na ndaoine ar scor ón saol oibre ag úsáid míreanna féintaifeadta ón Ionad Cúraim Lae.

Bláth na hÓige

Bláth na hÓige

Sa tsraith seo, tá plúr na bhfonnadóirí ag teacht le chéile i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire, go rachaidh siad ag comhoibriú agus ag cruthú go gcuirfidh siad an traidisiún in oiriúint don saol ina maireann siad.

Bláth na hÓige An turas go Lorient

Bláth na hÓige An turas go Lorient

Clar fáisnéis faoi Bhláth na hÓige agus iad ag triall ar Fhéile Idircheilteach Lorient sa mBriotáin. Buaileann siad le ceoltóirí as an áit chun blaiseadh a fháil de chultúr na Briotáine agus feicfear an banna ag fáil faoi réir chun tabhairt faoin stáitse ag an bhféile Cheilteach is mó ar domhan.

Breakaway Femmes

Breakaway Femmes

An raibh a fhios agat go raibh Tour de France ann do na mná sna 80idí agus gur cuireadh deireadh leis mar gheall go raibh sé ag dul sa mbealach ar rás na bhfear? Thug na mná faoi na bóithre céanna agus na sléibhte céanna leis na fir agus ba iad na sluaite céanna a thug tacaíocht dóibh. Ach cuireadh deireadh le Tour de France na mBan agus is beagnach go bhfuil dearmad déanta ar na héachtaí a bhain na mná seo amach. Cuireadh tús le Tour de France Femmes arís in 2022 ach níor cheart dearmad a dhéanamh ar na ceannródaithe seo.

Brighid

Brighid

Clár faisnéise faoi Naomh Bríd ar bhain nósmhaireacht agus traidisiúin ar leith léi. Sa chlár seo tabharfar léargas de chineál eile ar Bhríd: Ban-dia, tríonóid ban a bhí ann roimh aimsir na Críostaíochta; dia gnaíúil agus cóir a bhain sult as an saol.

Brú

Brú

Beidh ceathrar lúthchleasaí amaitéarach óg le feiceáil ag dul i ngleic leis an mbrú a bhaineann le spórt sa tsraith seo. Tá an díograis chéanna iontu uilig rud éigin a bhuachan agus tabharfar léargas ar an méid dúthrachta agus ama a chaitheann siad leis an spórt.

Burkitt

Burkitt

Clár faisnéise cruthaitheach faoi shaol an mháinlia Denis Burkitt, fear as Éirinn a d'aimsigh liomfóma Burkitt. Is fear a tháinig slán ón ngalar sin, Éanna Mac Cana, a rinne an clár. Tá scéal Mac Cana féin fite fuaite leis an gclár seo agus tá meascán d'fhístaifeadadh ón am a chaith sé ina othar cónaitheach le feiceáil chomh maith le pictiúir agus fístaifeadadh ó chartlann Burkitt. Tugtar léargas ar chúrsaí tráma, coilíneachas agus na heitic a bhaineann le cúrsaí leighis sa gclár iontach seo.

Camán na mBan

Camán na mBan

Clár faisnéise a dhíríonn ar stair, forbairt agus todhchaí na camógaíochta a bunaíodh 120 bliain ó shin. Tá athrú mór i ndán don spórt agus An Cumann Camógaíochta ag súil comhtháthú a dhéanamh leis an gCumann Lúthchleas Gael faoi 2027. Beidh scothimreoirí agus iar-imreoirí camógaíochta, iar-uachtaráin an chumainn agus staraithe spóirt i measc siúd a bheidh ar an gclár. Caithfear súil ar na dúshláin a sháraigh an cumann agus lucht camógaíochta le 120 bliain agus mar a chothaigh bunaitheoirí na camógaíochta réabhlóid chultúrtha agus spóirt do mhná na hÉireann ag tús an chéid seo caite.

Caomhnóirí na Talún

Caomhnóirí na Talún

Tá meath tubaisteach tagtha ar éin, beacha fiáine agus plandaí dúchasacha ar fud na tuaithe. Áirítear diansaothrú na feirmeoireachta agus na foraoiseachta ar cheann de na cúiseanna is mó atá leis seo. Ach má tá feabhas le teacht ar an mbithéagsúlacht, is ar thalamh feirme na tíre a tharlóidh sé. Leantar cúigear feirmeoirí sa tsraith nua seo ó IWR Media agus iad ag feirmeoireacht leis an dúlra, ag cruthú nó ag caomhnú gnáthóga ar a bhfeirmeacha, ag triail smaointe nua agus iad ag iarraidh an dúlra agus a slí bheatha a chosaint.

Capaillíní

Capaillíní

Is ar shléibhte agus cois farraige a mhair Capaillíní Chonamara riamh agus chuaigh na capaillíní seo in oiriúint don talamh garbh atá i gConamara. Feicfear póraitheoirí, marcaigh, ceannaitheoirí agus díoltóirí sa tsraith seo chun léargas a fháil ar an gcapaillín speisialta seo.

Carna an Cheoil agus na nAmhrán

Carna an Cheoil agus na nAmhrán

Tá bailitheóirí ceoil ag triall ar cheantar Charna i gConamara le níos mó ná céad bliain chun blaiseadh a fháil den chultúr ársa Gaelach atá caomhnaithe ann. Amhráin, ceol, damhsa agus scéalaíocht a mheall siar iad, agus tá lorg a gcuid oibre fós le braith sa bpobal inniu. Sa gclár seo faigheann muid blaiseadh den stór saibhir a bailíodh agus cuireann muid aithne ar ghlúin nua atá tagtha chun cinn sa bpobal agus atá ag ceiliúradh a n-oidhreacht sa lá atá inniu ann.

Cathair na Mílte Grian

Cathair na Mílte Grian

(2022, Scannán bunaithe ar dhán) Is iad Marcus Mac Conghail, Kazuyoshi Meiki agus Tristan Warner príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Paula Kehoe agus Feargal Ward. Déantar iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag an gcogaíocht ar an gcultúr agus ar intinn an duine agus déantar nasc idir muintir Bhaile Átha Cliath agus muintir Hiroshima sa scannán seo. Tá giotaí de mhórshaothair scannánaíochta le feiceáil sa scannán seo ó Alain Resnais, Hiroshi Teshigahara, Kaneto Shindo agus John Huston. Tá an scannán bunaithe ar an dán Aifreann na Marbh le hEoghan Ó Tuairisc.

Céad Seans

Céad Seans

Is féidir na cláracha faisnéise agus gearrscannáin a léirigh na scannánóirí nua Nemeton TV agus an Ard Dioplóma in I.T. Phort Láirge i Léiriú Teilifíse agus na Meáin a fháil ar Seinnteoir TG4 anois.

Ceartas Crua-Mná v An Dlí

Ceartas Crua-Mná v An Dlí

Clár faisnéise dhá chuid é Ceartas Crua - Mná v An Dlí ina mbreathnaítear ar an gcóras breithiúnach in Éirinn ó bunaíodh an Stát agus an tionchar a bhí ag an gcóras sin ar mhná na tíre.

Ceathrar Guildford - 50 Bliain na mBréag

Ceathrar Guildford - 50 Bliain na mBréag

Tá 50 bliain caite ó scaoileadh buamaí amach i dtithe tábhairne in Guildford Shasana. Cuireadh ceathrar nach raibh baint ná páirt acu leis an mbuamáil i bpríosún feadh 15 bliain, insítear scéal na gceathrar sin sa gclár seo agus iad ag iarraidh an chóir a éileamh.

Céim Chun Cinn

Céim Chun Cinn

Tréimhse aislingeach, spraíúil, spleodrach iad blianta órga na hollscoile. Sa tsraith seo beimid i dteannta ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla chun léargas a fháil ar na dúshláin agus ar an tairbhe a bhaineann le saol na hollscoile.

Ceol na Talún

Ceol na Talún

Seoid ón gCartlann a craoladh den chéad uair sa bhliain 1998. An dara clár i sraith nua a léiríonn mar a imíonn an bhliain i gceantair thuaithe.

Ciotóg

Ciotóg

Scrúdaítear sa gclár faisnéise seo saol an dornálaí áitiúil ó Bhéal Feirste Sean McComb agus é ag tabhairt faoina ghairm phroifisiúnta ag plé leis na dúshláin a bhíonn le sárú aige laistigh agus lasmuigh den fháinne. Tabharfar léargas dúinn ar an traenáil dhian a bhíonn air i nGlaschú in éineacht le dornálaithe eile ar nós Tyrone McKenna, Tyrone McCullough agus Paddy Barnes. Arna scannánú thar thréimhse trí bliana, leanfaidh CIOTÓG (Southpaw) saol an dornálaí agus é ag fágáil slán le dornálaíocht amaitéarach chun cáil a bhaint amach sa chluiche gairmiúil.

Clann na nGael

Clann na nGael

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de hócáidí bliantúla is mó do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht leanta peile. Is i Ráth Chairn Glas na Mí a bhí an Comórtas in 2025 agus an fhoireann áitiúil Clann na nGael ag cur fáilte roimh chách chuig an bhféile. Feicfear imreoirí, bainisteoirí agus lucht leanúna sa gclár faisnéise seo agus iad ag iarraidh corn a chrochadh leo. Feicfear lucht eagraithe i mbun oibre freisin chun ócáid peile agus cultúrtha den scoth a chur ar bun.

Cluain Tarbh

Cluain Tarbh

Sraith dhá chlár ina ndéanfar iniúchadh ar Chath Chluain Tairbh, cath a bhfuil míthuiscint mhór a baint leis. Bhí sé ráite riamh gur mba chogadh idir na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh a bhí ann ach ní hamhlaidh an scéal.

Cluiche As Baile

Cluiche As Baile

Cé go bhfuil siad ina gcónaí thar lear, agus go bhfuil teanga, cúlra agus tíreolaíocht eile i gceist, tá siad ar fad ceangailte le chéile ag an bpaisean amháin sin atá acu do na cluichí Gaelacha. Casfaimid le grúpa éagsúil daoine sna cumainn bheaga agus iontacha CLG i gcathracha ar fud na hEorpa agus iad ag déanamh cairde, ag foghlaim faoi spórt nua agus ag dul in iomaíocht don chorn. Meascán maith den aidréanailín, den obair foirne, den phaisean agus de na mothúcháin. Seo é "Cluiche As Baile".

Cneasaithe

Cneasaithe

Rachaidh Máirtín Tom Sheáinín ar thuras timpeall na tíre chun a fháil amach an bhfuiltear fós i mbun leigheas bunaithe ar chreidimh i measc mhuintir na hÉireann. Gheobhaidh sé amach gur iomaí bealach a bhféadfadh an bua seo a bheith ag duine - deirtear go mbíonn bua an leighis ag seachtú mac an seachtú mac agus ag an té ar bhásaigh a athair sular rugadh é nó í. Labhróidh sé leosan a bhfuil amhras orthu faoin "leigheas" seo agus leosan freisin a bhfuil bua an leighis acu.

Cogar

Cogar

Sraith a insíonn scéalta pearsanta, á dtabhairt chun cinn ar a mbealach féin ag an duine/daoine atá páirteach.

Cois Móire

Cois Móire

Mar a rinne Annraoi Ó Liatháin roimhe, bainfidh Diarmuid Ó Drisceoil leas as a leabhar Cois Móire chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Tosóidh sé ag foinse na habhann i gContae Chiarraí agus críochnóidh sé ag an inbhear in Eochaill.

Cois Siúire

Cois Siúire

Leanfaidh an Dr. Colm Mac Gearailt lorg Annraoi Ó Liatháin fad na Siúire, ó fhoinse na habhann ar Bhearnán Éile go ceann scríbe ag Rinn Duáin. Bainfidh sé leas as Cois Siúire, leabhar a scríobh Ó Liatháin, chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Cuireann Colm tús lena aistear ar Bhearnán Éile, cloiseann sé scéalta faoi dhinnseanchas na háite agus casann sé le healaíontóirí a bhaineann leas as an tSiúir mar fhoinse inspreagtha. Téann Colm trí Luachma agus Durlas Éile ina chanú sula mbuaileann sé le Liam Ó Maonlaí.

Colmcille - An Naomh Dána

Colmcille - An Naomh Dána

Léargas ar shaol Naomh Colmcille. Bhí sé i lár an aonaigh i gcath dearg agus bhunaigh sé mainistir a bhí ina eiseamláir don sibhialtacht sa Ré Dhorcha. Deirtear gur thug sé aghaidh ar Ollphéist Loch Nis fiú. Ach cérbh é Colmcille, an tAb Éireannach, a tugadh Naomh Columba air in Albain? Tabharfar tuilleadh léargais dúinn faoin bhfear é féin, chomh maith leis an oidhreacht a d'fhág sé ina dhiaidh sa gclár faisnéise seo, atá á chraoladh ar chomóradh 1500 bliain a bhreithe.

Comórtas Peile

Comórtas Peile

Comórtas 'An Cailín Gaelach' sa phuball ag Páirc Ghallarais ó Comórtas Peile na Gaeltachta 2019.

Contractors

Contractors

Tá obair mhillteanach le déanamh ar an talamh agus ní féidir le feirmeoirí na hÉireann an obair seo a dhéanamh gan chúnamh. Mar sin faigheann siad cúnamh ó chonraitheoirí feirmeoireachta agus a dteaghlaigh.

Croí an Chlub

Croí an Chlub

Is iad cumainn áitiúla Chumann Lúthchleas Gael cuisle an phobail fud fad na hÉireann. Is iad na pobail CLG sin ábhar na sraithe Croí an Chlub, iad ag léiriú mórtas as a gceantar agus ndúiche féin. Le linn na bliana 2021 lean muid daoine a bhí ag filleadh ar an imirt arís i gceithre chlub CLG ar fud na tíre.

Croíthe Radacacha

Croíthe Radacacha

Fiosróidh Ciara Hyland an scéal a bhain le hocht lánúin mná a choinnigh a gcaidreamh faoi cheilt aimsir na Réabhlóide in Éirinn. Bhí siad ar fad lárnach sa bhfeachtas le hÉire a fhuascailt ó Impireacht na Breataine. Is beag atá ráite faoi fúthu go dtí seo mar nár glacadh leo agus leis sin is beag áit a tugadh dóibh sa stair. Mná as an ngnáth ab ea na mná seo - iad radacach ó thaobh na polaitíochta, an fheimineachais agus an tsóisialachais agus iad meáite ar chúrsaí saoirse agus comhionannais. Grá faoi cheilt le linn na Réabhlóide in Éirinn is ábhar don chlár seo.

Cúl Stáitse - Oireachtas 2022

Cúl Stáitse - Oireachtas 2022

Sa gclár seo tugtar tús áite do iomaitheoirí Oireachtas na Samhna 2022, áit ar thug suas le 700 iomaitheoir faoin stáitse. Le linn an fhéile leanann muid iomaitheoirí idir sean agus óg, iad ag ullmhú cúl stáitse agus ag troid lena néaróga.

Cúl Stáitse - Oireachtas 2025

Cúl Stáitse - Oireachtas 2025

Is iomaí athrú agus is mór an fás atá tagtha ar fhéile an Oireachtais ach mar sin féin feictear iomaitheoirí ag tabhairt faoin stáitse chun amhrán a chasadh, steip a dhéanamh nó lúibín a rá mar rinne na daoine ar fad a ghlac páirt san Oireachtas ó bunaíodh é in 1897. Ghlac níos mó ná 1,000 duine páirt sa bhféile i mBéal Feirste i mbliana agus feictear iad ar chúl stáitse sa gclár seo agus iad ag fáil faoi réir beart a dhéanamh. Feicfear idir sean agus óg, iomaitheoirí nua agus dream eile atá ag triall ar an Oireachtas le fada.

Cúramóirí

Cúramóirí

Sraith ina dtugtar léargas ar an obair ríthábhachtach a dhéanann cúramóirí ar fud na tíre - cúramóirí baile, cúramóirí gairmiúla agus eagraíochtaí cúramóra. Léirítear an tábhacht atá leis an obair agus na seirbhísí seo don té a dteastaíonn an cúnamh uathu agus an tionchar atá ag na cúramóirí ar a saol.

Cyril Cusack: Lár an Stáitse

Cyril Cusack: Lár an Stáitse

Ba é Cyril Cusack duine de na haisteoirí ab fhearr a bhí againn riamh. Thosaigh sé ag aisteoireacht ar dtús le linn laethanta na scannán ciúin in Éirinn agus ina dhiaidh sin mheall sé na sluaite ar stáitsí amharclainne, ar an scáileán agus ar an teilfís. Is iomaí glúin daoine a mheall Cusack le linn a ghairme a mhair 75 bliain. Bhí eolas ag roinnt daoine air agus i bpáirt Uncle Peter sa chlár Glenroe agus bhí eolas ag daoine eile air mar an réalta scannáin a bhí le feiceáil i scannáin mór le rá Hollywood. B'aisteoir, file, drámadóir agus fear mór Gaeilge é.

Dath an Fhómhair

Dath an Fhómhair

Clár faisnéise nua é Dath an Fhómhair faoin mbeocht agus faoin teacht aniar a bhíonn i ndaoine aosta. Beidh daoine eisceachtúla le feiceáil sa gclár agus iad ag tabhairt faoin saol le brí ag dul in aghaidh steiréitíopaí a bhaineann le dul in aois. Inseofar scéalta dhaoine aosta a bhíonn ag rothaíocht, ag damhsa, ag canadh, ag ceol agus ag obair go diongbháilte.

David Keenan - Focla ar Chanbhás

David Keenan - Focla ar Chanbhás

Ceithre bliana i ndiaidh do David Keenan a albam Beginner's Guide to Bravery a chur amach filleann sé ar an stiúideo chun ceol nua a thaifeadadh. Feicfear David ag cumadh agus ag cruthú ceoil thar thréimhse 500 lá sa gclár seo.

De Valera San Fhásach

De Valera San Fhásach

Is léiriú é an tsraith stairiúil seo ar scéal de Valera sna blianta 1924-1926 nuair a bhí sé san 'Fhásach'. Chaith sé tréimhse sa bpríosún, bhí sé in ísle brí agus is ar éigean a raibh cumhacht pholaitiúil ar bith aige le linn na tréimhse seo. Insítear scéal na mban réabhlóideach a thacaigh leis ag am chun athrú iomlán a chur ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn agus mar a bhunaigh sé Fianna Fáil.

Dessie: Glór na Bó Finne

Dessie: Glór na Bó Finne

Clár faisnéise ina ndéantar ceiliúradh ar cheol agus ar shaol an amhránaí cháiliúil, Dessie O'Halloran. Lean Dessie a chol ceathrair John Halloran ó Inis Bó Finne go Londain, ar ais go hÉirinn agus ansin go dtí na stáitsí móra. Sa chlár seo déanfar ceiliúradh ar a shaol tríd an gceol in éineacht le ceoltóirí mór le rá, chomh maith le míreanna as an gcartlann agus píosaí scannánaíochta a rinneadh sular bhásaigh sé in 2019.

Dhá Chúirt

Dhá Chúirt

Scéal faoi laoch leadóige atá beagnach ligthe i ndearmad ar fad anois. Sa bhliain 1879, thuill Thomas Vere St Leger Goold, Éireannach, clú agus cáil i saol na leadóige. Ghlac sé páirt i bpríomhchomórtas an domhain, Craobh Wimbledon agus d'éirigh leis dul chomh fada leis an gcluiche ceannais, áit ar chaill sé. Bliain is fiche ina dhiaidh sin, i 1908, bhí a cháil sna nuachtáin arís ach údar eile ar fad leis - cúisíodh agus ciontaíodh é féin agus a bhean i ndúnmharú fuilteach i Monte Carlo, áit saoire na gcearrbhach agus na ndaoine saibhre.

Dialanna ón gCogadh Mór

Dialanna ón gCogadh Mór

Sraith drámaíochta faoin méid a thit amach sa Chogadh Mór bunaithe ar fhianaise dhíreach na ndaoine a ghlac páirt sa gcogaíocht féin, nó a mhair lena linn agus a chuir síos ar a raibh ag tarlú san áit ina raibh siadsan ina ndialanna.

Diarmuidín

Diarmuidín

Clár faoin amhránaí agus craoltóir Diarmuid Ó Súilleabháin a bhásaigh i dtimpiste bóthair in iarthar Chorca Dhuibhne tríocha bliain ó shin i mbliana. Ghoill a bhás go mór ar a mhuintir, ar a phobal dúchais agus ar a chairde ar fud na hÉireann. Go gairid ina dhiaidh sin, beartaíodh ócáid bhliantúil (Éigse Dhiarmuidín) a eagrú le comóradh a dhéanamh ar an bhfear agus ar an gcultúr as ar fáisceadh é. Craoladh an clár seo den chéad uair deich mbliana ó shin mar chomóradh ar scór bliain a bháis. I measc na rannpháirtithe sa gclár tá Eoiní, Danny agus Eilís Maidhcí, chomh maith ceoltóirí agus cairde Dhiarmuid.

Domhan an Dúlra

Domhan an Dúlra

Tabharfar léargas sa gclár seo ar nósanna na n-ainmhithe atá ag cur fúthu san Antartach, an áit is fuaire agus is tirime ar domhan. In ainneoin na haimsire is féidir le hainmhithe maireachtáil ann.

Domhan an Dúlra - Ainmhithe

Domhan an Dúlra - Ainmhithe

Breathnaíonn Domhan an Dúlra ar an áilleacht, taibhseacht, agus mórgacht atá le feiceáil i gcuid de na háiteanna is fiáine ar domhan.

Dúirt Bean Liom

Dúirt Bean Liom

Sa tsraith nua seo buailfimid le trí bhean déag ó ghlúin éagsúla a bhfuil taithí saoil fairsing acu chun a ndearcadh a fháil ar cheisteanna móra pearsanta.

Eachtraí Foghlama le Kayleigh Trappe

Eachtraí Foghlama le Kayleigh Trappe

Téann Kayleigh Trappe ar aistear mórthimpeall na hÉireann sa gclár faisnéise seo faoi Bhoird Oideachais agus Oiliúna na tíre. Tabharfar léargas ar cheol agus cultúr, teanga agus cruthaitheacht fad a bhíonn Kayleigh ag bualadh le daoine ó chúlraí éagsúla agus iad ag tabhairt faoin bhfoghlaim.

Éalú Ó Antarctica

Éalú Ó Antarctica

Clár taistil agus eachtraíochta ina bhféachfaidh dreapadóirí agus mairnéalaigh leis an turas farraige céanna a rinne Ernest Shackleton agus Tom Crean i 1914/1915 a dhéanamh iad féin. Beidh siad ag taistil go dtí an tAntartach agus ag iarraidh cuairt a thabhairt ar oileáin neamháitrithe, déanfaidh siad turas báid chuig an tSeoirsia Theas agus chun an áit a bhfuil Shackleton curtha a fheiceáil.

Éamonn Ryan: An Máistir

Éamonn Ryan: An Máistir

Is ina bhainisteoir ar fhoireann Peile Ban Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann deich n-uaire is fearr aithne ar Éamonn Ryan, nach maireann. D'imir sé le Corcaigh i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann sna seascaidí, ach is ina bhainisteoir is fearr a léiríodh a chuid buanna. D'éirigh leis foirne a bhí i lúb an angair a athrú ó bhonn. Bhuaigh gach foireann a tháinig faoina lámh craobhacha. Spreag sé gach duine faoina chúram ach bhí sé umhal faoina chuid éachtaí féin. Léirítear sa chlár seo an tábhacht a bhíonn le hoiliúnóir agus le múinteoir, den chéad scoth.

Eipidéim

Eipidéim

Tugtar léargas sa tsraith faisnéise agus staire seo ar na scéalta nár insíodh cheana mar gheall ar eipidéimí móra eile in Éirinn - na galair stairiúla bolgach, calar agus tífeas, an ré nua-aimseartha den eitinn, póilió, bruitíneach, plucamas agus rubella sula gcríochnófar le Covid-19.

Éire & Taisteal

Éire & Taisteal

Tugtar léargas ar mar a d'fhorbair cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair in Éirinn, ó na chéad bhóithre go canálacha, ó na chéad traenacha go carranna, agus ó loingseoireacht go haerthaisteal. Roinnfear scéalta ón stair, tabharfar ómós do na hinnealtóirí a thug faoin obair agus do na ceannródaithe a bhí á stiúradh. Scrúdófar an fonn atá go dlúth sa duine a bheith ag bogadh ó áit go háit.

Éire ag Athrú

Éire ag Athrú

Clár ina gcaitear súil ar na hathruithe móra a thit amach in Éirinn idir 1956 agus 1964. Tháinig feabhas mór ar chúrsaí eacnamaíochta sa tír s na seascaidí, rud a chuir le saibhreas agus le saol galánta roinnt de na daoine, ach ní gach duine. Léiriú le Louis Marcus do RTÉ.

Éire agus na Chéad Náisiúin

Éire agus na Chéad Náisiúin

Scéal dochreidte faoin dóigh ar chaith muintir na hÉireann le bundúchasaigh Thuaisceart Mheiriceá. Léirigh meon na nÉireannach coimhlint dhomhain an choilínithe, bhí siad ina gcairde agus ina n-eascairde araon ag na Chéad Náisiúin. Agus iad curtha óna dtír dhúchais féin, bhí ról lárnach ansin acu i gcoilíniú Mheiriceá. Pléifidh lucht acadúil agus tráchtairí ón dá thaobh an scéal comhaimseartha faoi thuras stairiúil na nÉireannach a chuaigh go Meiriceá, ní hamháin óna bpeirspictíocht féin ach trí shúile na ndaoine ar ruaigeadh as a n-áit féin iad.

Éire Eile

Éire Eile

Sraith faisnéise arna cur i láthair ag Cóilí Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, ina bhfiosraítear na fochultúir éagsúla a thaitníonn le dream óg na hÉireann.

Éire Fhiáin

Éire Fhiáin

Sraith speisialta dhá chlár ar an bhfiadhúlra suntasach atá le fáil ar feadh 1,600km de chósta Atlantaigh na hÉireann. Á cur i láthair ag Eoin Warner.

Fathaigh na Farraige

Fathaigh na Farraige

Tugtar léargas sa gclár seo ar an gcaidrimh atá ag muintir na hÉireann le siorcanna agus céiticigh. Ón am go mbítear ag seilg na hainmhithe mara seo go dtí an lá atá inniu ann agus daoine ag iarraidh iad a chaomhnú. Tugann staraithe, bitheolaithe mara, agus iar-sealgairí léargas ar earnáil seilge na míolta móra sna 1900idí agus ar earnáil na liamháin gréine sna 1950idí. Tugann caomhnóirí léargas ar an tábhacht a bhaineann le siorcanna agus céiticigh a chaomhnú sa lá atá inniu ann.

Feirmeoirí

Feirmeoirí

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí na linne.

Finné

Finné

Spreagtha ag cláracha faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, is sraith úrnua faisnéise é Finné a nochtaíonn na scéalta daonna taobh thiar de scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain anuas.

Fíorscéal

Fíorscéal

Sraith a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan le rogha clár faisnéise ón iasacht le hathghuthú Gaeilge. Oscailt súl eile is ea gach clár.

Foinn na Fliúite - Ceol Comhroinnte na nDaoine

Foinn na Fliúite - Ceol Comhroinnte na nDaoine

Déanfar ceiliúradh ar thraidisiún, oidhreacht agus ar chultúr na tíre sa gclár faisnéise seo. Díreofar ar cheol na feadóige móire agus ar cheol na fífe chun léargas a thabhairt ar an gceol atá le fáil ar fud na hÉireann - ó thuaidh, ó dheas, thoir agus thiar. Ní scéal dubh agus bán atá i gceist, tá sé lán le héagsúlacht chultúrtha agus stair choiteann. Beidh ionstraimeoirí, ceoltóirí a bhfuil cúlra dílseach acu, agus dream a bhí ag ceol le linn na dTrioblóidí ar an gclár, chomh maith le bannaí fífe agus drumaí Lann Bheag, bannaí máirseála, agus ceoltóirí traidisiúnta.

Fuascail

Fuascail

Is machnamh cruthaitheach leis an ealaíontóir, ceoltóir agus cumadóir Barry Kerr é Fuascail. Baineann Kerr úsáid as an gceol atá cumtha aige chomh maith lena chuid ealaíon chun léargas teibí a thabhairt ar thréimhse réabhlóideach i stair na hÉireann. Tá an focal 'Fuascail' agus na bríonna éagsúla ar féidir a bhaint as lárnach sa scannán. Baineann Kerr úsáid as an gcoincheap lena chuid mothúchán agus a chuid tuairimí faoin stair, faoin gcoimhlint agus faoin gcomóradh a chíoradh. Is i gConamara atá an scannán lonnaithe, áit ar chaith Kerr an-chuid ama ag cumadh ceoil agus ag péinteáil.

GAA 70's -  Réabhlóid Shóisialta

GAA 70's - Réabhlóid Shóisialta

Clár faisnéise nua a thugann léargas ar an mborradh a tháinig ar pheil Ghaelach sna 70idí chomh maith leis an tionchar socheolaíoch a bhí aige sin ar mhuintir na hÉireann. Insíonn iar-imreoirí na Gaillimhe scéalta nár insíodh cheana agus iad ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh chun súil a chaitheamh siar ar an gcoimhlint a bhí idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath ag an am. Caithfear súil siar freisin ar an ngéarchoimhlint a bhí idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath. Tá an tréimhse ar cheann de na réanna is tábhachtaí i stair an CLG.

Gael Linn ag 70

Gael Linn ag 70

Clár ceoil agus siamsaíochta chun Gael Linn atá 70 bliain ar an bhfód i mbliana a cheiliúradh. Eagraíocht é Gael Linn a chinntigh go mbeadh áit ag an teanga, ag na daoine agus ag cultúr na tíre in Éirinn an lae inniu.  I measc na rannpháirtithe beidh Moya Brennan, Mairéad Ní Mhaonaigh, Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire & Rossa Ó Snodaigh, Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill, Mary Bergin & Macdara Ó Faoláin, IMLÉ le Ríona Sally Hartman, Sarah Ghriallais, Muintir Bheaglaoich & Gráinne Holland.

Gairm sna Meáin Ghaeilge

Gairm sna Meáin Ghaeilge

Déanfar ceiliúradh sa tsraith seo ar dhaoine i dtionscal meán cumarsáide na hÉireann a thosaigh amach i TG4 nó in eagraíocht meán cumarsáide Gaeilge eile agus a bhfuil ainm déanta anois acu dóibh féin ar an ardán idirnáisiúnta nó i measc a bpiaraí.

Gaiscí GPA i Kenya

Gaiscí GPA i Kenya

Tabharfar léargas iomlán sa chlár seo ar an turas a rinne 50 imreoirí CLG go dtí an Chéinia chun milliún crann a chur. Taispeánfar na himreoirí agus iad ag foghlaim faoin gcultúr agus saol nua seo mórthimpeall orthu. Bhí an turas ar mhaithe le Self Help Africa agus an feachtas Help Us Plant 1 Million Trees i gcomhar leis an GPA.

George Best i gCorcaigh

George Best i gCorcaigh

Clár faisnéise faoin tréimhse a chaith George Best ag imirt do Cork Celtic, ag comóradh 50 bliain ó d'imir sé i Sraith na hÉireann. Tá agallaimh eisiacha agus píosaí scannánaíochta ón gcartlann de Best ag imirt le Cork Celtic le feiceáil sa gclár. Ba é an t-imreoir sacair is fearr ar domhain é, ba mhór a cháil agus bhí saol na bhfuíoll aige. D'imir sé le Manchester United feadh 11 bliain agus bhí an domhan mór ag faire air go bhfeicfí céard a dhéanfadh sé nuair a d'imigh sé uathu, mar a tharla sé bhí rún aige seal a chaitheamh i gCorcaigh.

Gineadóir an Stáit

Gineadóir an Stáit

Ba chéim chun cinn i dtáirgeadh agus i soláthar leictreachais in Éirinn é tógáil Scéim na Sionainne (1925-29) - agus ba fhuinneamh in-athnuaite 100% é. Ghin sé níos mó ná leictreachas i nganntanas géar bia agus airgid i ré an amhrais i ndiaidh Chogadh na gCarad. Bhí líomhaintí maidir le huisce faoi thalamh de chuid na Gearmáine in Éirinn fiú amháin. Cruthóidh Johnny Gogan, trí fheidhm a bhaint as bailiúchán mórthaibhseach grianghraf Siemens in éineacht le saothar Sheáin Keating d'obair na tógála, pictiúr luachmhar den tslí ar cheap an Stát aisling úr go dána a chuirfeadh cor ina cinniúint.